Míle Deireanach MarathonKids i Staid de Mortún

MarathonKids Final Mile

Rith breis is 5,500 dalta ó rang 5 & 6, i 87 scoil 25.2 míle thar 8 seachtaine. Bhí siad i mbun traenála 4 huaire in aghaidh na seachtaine ar scoil sular éirigh leo an míle deireanach a rith ag imeacht speisialta 1-mhíle a reáchtáladh ar an 13 Samhain.  Bhí Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly agus Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, i láthair nuair a bhí an míle deireanach á rith.

 

Faoi chlár MarathonKids na hÉireann, caitheann daltaí roinnt ama i mbun traenála ceithre huaire in aghaidh na seachtaine agus ritheann siad 25.2 míle thar thréimhse ocht seachtaine. Rith breis is 5,500 dalta bunscoile atá ag freastal ar bhunscoileanna i bhFine Gall, Baile Átha Cliath Theas & Cathair Bhaile Átha Cliath, páirt sa mhíle deireanach dá maratón ar an gCéadaoin, an 13ú Samhain, i Staid de Mortún, Seantrabh. 

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien ag an imeacht; “Is deis iontach é MarathonKids do dhaltaí rang a 5 agus rang a 6 a bheith gníomhach agus foghlaim faoi thábhacht an spóirt. Tá áthas orm go bhfuil an míle deireanach á rith anseo i Staid de Mortún gach bliain. Ba mhór an pléisiúr é a bheith i láthair ag an imeacht i dteannta le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Paul McAuliffe agus Méara Bhaile Átha Cliath Theas, Vicki Casserly.”

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly; “Cúis dóchais é méadú a bheith ag teacht ar líon na ndaltaí atá ag glacadh páirte in MartathonKids le ceithre bliana anuas, méadú ó 800 dalta in 2015 go dtí 5,500 i mbliana. Is fianaise é seo go bhfuil fiúntas ag baint leis an gclár. Guím gach rath ar an gclár sna blianta amach romhainn.”

 

Is é seo an 5ú bliain a bhfuil an clár á reáchtáil, agus tá an t-iar-Lúthchleasaí Oilimpeach agus Seaimpín Eorpach 400m, David Gillick, agus Ambasadóir MarathonKids na hÉireann ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Comhpháirtíocht Spóirt agus Folláine Chathair Bhaile Átha Cliath, agus Maratón Bhaile Átha Cliath, chun an clár a chur chun cinn.

 

Cuirtear leabhar saothair ar fáil do dhaltaí ina dtarraingítear aird ar na buntáistí a bhaineann le bheith páirteach i spórt, agus úsáidtear an leabhar saothair mar threoir traenála agus mar uirlis foghlama sa seomra ranga.  Ó cuireadh tús le clár MarathonKids tá méadú tagtha ar líon na ndaltaí ó 800 dalta agus 22 scoil in 2015 go dtí 5,500 dalta ó 87 scoil i mbliana.

 

Bunaithe ar chlár mórán mar an gcéanna atá á reáchtáil sna Stáit Aontaithe, chruthaigh Oifigeach Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall, Niall McGuirk agus Stiúrthóir MarathonKids na hÉireann, Neil Kennedy, clár a áirítear ann ceithre sheisiún rite gach seachtain, mar aon le leabhar saothair ranga atá nasctha leis an ábhar OSPS sa churaclam scoile. Tarraingítear aird sa leabhar saothair ar na buntáistí a bhaineann le spórt agus an chaoi a gcuireann sé le folláine fhisiciúil agus intinne an linbh.

Thug an t-iar-Lúthchleasaí Oilimpeach agus Seaimpín Eorpach 400m agus Ambasadóir MarathonKids na hÉireann, David Gillick, cuairt ar scoileanna i limistéir na comhairle chun labhairt faoin gclár agus faoin tábhacht a bhaineann le haird daltaí a tharraingt ar bhuntáistí na gníomhaíochta fisiciúla.

Mhol David nádúr ionchuimsitheach an chláir agus deir sé go rachaidh sé chun tairbhe leanaí nach bhfuil spéis acu i spórt ach ar mian leo a bheith gníomhach: “Mar dhuine a bhí páirteach i spóirt ar scoil, tuigim go raibh leanaí eile nach raibh chomh gníomhach liom féin. Tá cead ag gach leanbh páirt a ghlacadh in MarathonKids beag beann ar a gcumas agus is deis iontach é do leanaí a bheith gníomhach.”

 

Críoch

Más spéis leat tuilleadh eolais faoin gclár, déan teagmháil le:

 

Comhairle Contae Fhine Gall: Niall Mc Guirk, [email protected] 087-120-6431 nó [email protected]

Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas: Paula Swain, [email protected] 086-829-2443

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath: Aideen O’Connor, [email protected] 087-917-6989

 

Marathon Kids running final mile