Maoiniú 2021 le haghaidh oibreacha caomhnaithe agus deisiúcháin i bhFine Gall - sínte go 26 Feabhra

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg iarratais anois faoi roinnt scéimeanna chun oibreacha a dhéanamh i 2021 ar thionscadail dheisiúcháin nó caomhnaithe dáta deiridh sínte go 26 Feabhra 2021

Conservation projects funded

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg iarratais anois faoi roinnt scéimeanna chun oibreacha a dhéanamh i 2021 ar thionscadail dheisiúcháin nó caomhnaithe ar scála beag, ar scála meánmhéide nó ar scála mór ar Struchtúir Chosanta agus i gcúinsí áirithe ar fhoirgnimh a fheabhsaíonn Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta laistigh de cheantar Fhine Gall.

Tá maoiniú ar fáil faoi na scéimeanna seo a leanas:

  • Deontas “Stitch in Time” an Chiste Oidhreachta Ailtireachta 2021
  • Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha 2021
  • An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2021
  • Sruth Píolótach d’Aghaidheanna Siopaí Stairiúla & Aghaidheanna Siopaí Traidisiúnta Gaeilge faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla 2021
  • Sruth Píolótach do Struchtúir Dhúchasacha faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla 2021

I 2020 cuireadh maoiniú os cionn €172,000 ar fáil trí Chomhairle Contae Fhine Gall do 24 tionscadal chun cuidiú le húinéirí oidhreacht ailtireachta Fhine Gall a dheisiú agus a chosaint ina n-úinéireacht agus faoina gcúram.  Maidir le húinéirí a dhéanann gnáthchothabháil nó deisiúcháin bheaga ar chreatlach stairiúil a dtithe tairgeann scéim “Stitch in Time”  Chomhairle Contae Fhine Gall deontais idir €100 go €2,500.  Le haghaidh oibreacha níos substaintiúla tá maoiniú ar fáil tríd an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha nó tríd an gCiste um Struchtúir Stairiúla. 

Leathnaíodh An Ciste um Struchtúir Stairiúla i 2021 chun iarratais ar scéim phíolótach a cheadú chun struchtúr dúchasach nach Struchtúr Cosanta é a chaomhnú agus scéim phíolótach eile chun aghaidh siopa stairiúil agus aghaidheanna siopaí Gaeilge a athchóiriú.

Tá leas na scéimeanna seo feicthe ag an Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta Helena Bergin maidir le cabhrú le húinéirí foirgneamh a chothabháil agus i roinnt cásanna a chur ar ais ina áilleacht agus mealltacht bhunaidh agus dúirt sí: “Ba mhór an sásamh agus an t-ardú croí é an fhíorthuiscint agus bród úinéirí as deisiúcháin chaomhnaithe a dhéanamh ar a dtithe nó a gcuid maoine stairiúla.  Cuireann na foirgnimh seo an oiread sin carachtair le bailte, sráidbhailte agus tuath Fhine Gall.  Níl a leithéad de rud ann agus foirgneamh saor ó chothabháil.  Cíbe má tá sé nua-aimseartha nó sean, teastaíonn cúram agus aire ó gach struchtúr chun meath agus damáiste a chosc.

Tá na scéimeanna maoinithe caomhnaithe ann chun cabhrú le húinéirí leis na modhanna mionsonraithe agus cearta chun na hábhair stairiúla a úsáidtear i bhfoirgnimh aosta mar aol, cloch, bríce lámhdhéanta, tuí, slinn nádúrtha, agus siúinéireacht stairiúil a dheisiú mar is féidir le húsáid ábhair dhochta nua-aimseartha nach ligeann aer tríd ar nós coincréit agus plaistigh níos mó dochair ná maitheasa a dhéanamh.” 

SÍNEADH AR AN DÁTA DEIRIDH: Mar gheall ar shrianta reatha atá i bhfeidhm, leathnaíodh an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a chur isteach do Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha agus don Chiste Struchtúir Stairiúla go dtí 5IN DÉ hAOINE 26 FEABHRA 2021.  Níl dáta sonrach á shocrú don Deontas “Stitch in Time”, ina ionad sin fanfaidh sé ar oscailt go dtí go bhfuil an buiséad go hiomlán leithdháilte agus dá bhrí sin déileálfar le hiarratais ar bhonn freastail ar an gceann is túisce.  Tá foirmeacha iarratais do na trí scéim ar fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall agus ba cheart iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta Chomhairle Contae Fhine Gall ag  [email protected]

Tabhair le fios le do thoil nach féidir le hiarrthóirí leas a bhaint as maoiniú faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla agus an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha sa bhliain chéanna agus mar sin ba cheart dóibh iarratas a dhéanamh ar scéim amháin.