Léiríonn Tuairisc Nua, Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus Stoirm Bhreandáin an dóigh a gcuireann Comhairle Contae Fhine Gall gníomhaíocht ar son na haeráide chun cinn

Léiríonn tuairisc nua a foilsíodh an tseachtain seo go ndearna Fine Gall agus na húdaráis áitiúla go léir réimse ollmhór beart chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus chun gníomhaíocht ar son na haeráide a chur chun cinn.

Climate Action Week

Foilsíodh A profile of local Government Climate Actions in Ireland Dé Máirt 14 Eanáir ina bhfuil taighde a rinne an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) ar son Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA). Is féidir rochtain a fháil ar an tuairisc agus í a léamh ag  fingal.ie/news/new-research-shows-how-fingal-county-council-joined-other-local-authorities-taking-lead

Léiríonn an tuairisc go raibh Comhairle Contae Fhine Gall gníomhach in achair lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, iompar inbhuanaithe a fhorbairt, bainistíocht riosca i gcás tuilte, bainistíocht dramhaíola agus acmhainní, réitigh bunaithe ar nádúr agus rannpháirtíocht an phobail.

Lena chois sin, tá Fine Gall chun tosaigh maidir le bheith ag tabhairt aghaidhe ar theagmhas adhaimsire a bhaineann le hathrú aimsire agus tá Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019-2024  déanta acu lena cinntiú go n-éireoidh muid níos acmhainní agus níos ullmhaithe. Is féidir an plean sin a léamh ag  fingal.ie/climate-change-action-plan-2019-2024

Le blianta beaga anuas bhí teagmhais adhaimsire ann níba mhinice i réigiún Bhaile Átha Cliath. De réir réamhaisnéis na haimsire, bhí gaoth mhór agus fearthain throm le bheith ann de bharr Stoirm Bhreandáin, agus méadaíodh an rabhadh gaoithe oráiste chuig gach contae tráthnóna Dé Domhnaigh.

Is iad an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus Údaráis Áitiúla amhail Comhairle Contae Fhine Gall na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha le haghaidh Móréigeandálaí.

I rith Stoirm Bhreandáin bhí muid gníomhach sa ról sin. Ag an líne thosaigh thóg an fhoireann oibríochta cosaintí ar thuilte agus bhain siad ar shiúl crainn tite. Bhí málaí gainimh ar fáil ónar n-iostaí i mBaile Brigín agus Sord.

sandbags

Choinnigh ár nAonad Cumarsáide an pobal ar an eolas, ag tabhairt comhairle d’áitritheoirí  agus do thiománaithe carranna faoi bhaol tuilte.

Tá ár bhfoireann bainistíochta riosca i gcás tuilte ag cur tomhsairí abhann agus fearthainne ag na Sceirí agus in abhainn Sheantraibh, beart atá ríthábhachtach maidir le córais rabhaidh tuilte agus scéimeanna maolaithe uisce. Níos moille in 2020, cuirfear tomhsaire leibhéil taoide feadh an imeallbhoird i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, rud atá ríthábhachtach ó thaobh tuile cois chósta de.

Tá an tuairisc nua dearfach maidir lena bhfuil bainte amach cheana féin ag Fine Gall, agus is plean láidir é Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019-2024 Fhine Gall maidir leis an méid a bhainfidh muid amach san am atá le teacht

Arsa an Comhairleoir Roderic O’Gorman, Cathaoirleach an Choiste um Beartais Straitéiseacha (SPC) maidir le Gníomhaíocht ar son Aeráide, an Bhithéagsúlacht agus an Imshaol “Aithnítear go bhfuil gníomhaíocht ar son na haeráide ag éirí níos tábhachtaí i rith an ama inár mbeartas agus gcleachtas.

“Tá an tuairisc nua dearfach maidir lena bhfuil bainte amach cheana féin ag Fine Gall, agus is plean láidir é Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019-2024 Fhine Gall maidir leis an méid a bhainfidh muid amach san am atá le teacht.”

Arsa Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh fhoilsiú A profile of Local Government Climate Actions in Ireland.

“Léiríonn an taighde go nglacann muid le gníomhú ar son na haeráide go dáiríre, agus is gealltanas é ár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide é seo a thabhairt chun tosaigh amach anseo."