Lá Thionscadal EDWARD - ‘Gach Lá gan aon Bhás ar na Bóithre’

Update - 18 September 2025

Project EDWARD Day was a success!

The East Coast Local Authorities (ECLAs) are delighted to announce that yesterday, Wednesday 17 September 2025 was a resounding success for Project EDWARD Day.

This marked the first time the Irish based initiative achieved its ultimate goal—a full day without a single road fatality. 

Larry Bergin, Road Safety Officer at Fingal County Council, said “This is a remarkable result for the day and demonstrates that it really is possible to eliminate road deaths on Irish roads. I would like to thank everyone involved, especially An Garda Síochána, for their assistance on the day. We now need to continue focusing on road safety in an effort to make Every Day Without A Road Death (EDWARD) a reality.”

ECLAs would like to thank each member of the public for making road safety a priority yesterday.  

edward

Tá áthas ar Údaráis Áitiúla an Chósta Thoir comhoibriú ar an bhfeachtas Sábháilteachta ar Bhóithre is déanaí darb ainm Lá Thionscadal EDWARD (Gach lá gan aon Bhás ar na Bóithre). Is tionscnamh bliantúil um fheasacht ar shábháilteacht ar bhóithre é seo, atá ceaptha chun aird a tharraingt ar an tionchar tubaisteach a bhíonn ag imbhuailtí ar ár mbóithre, agus tá sé mar aidhm leis lá amháin sa bhliain a bheidh saor go hiomlán ó bhásanna ar bhóithre a bheith ann. Leis an tionscnamh, moltar do gach úsáideoir bóithre stopadh agus machnamh a dhéanamh ar na rioscaí a bhíonn rompu, ar na rioscaí a d’fhéadfadh siad a chruthú do dhaoine eile, agus ar conas is féidir leo na rioscaí sin a laghdú. Tá sé ag fás ó bhliain go bliain ó bunaíodh é, le tacaíocht ó rialtais agus ó sheirbhísí éigeandála, ó eagraíochtaí sábháilteachta ar bhóithre agus ó ghnólachtaí Éireannacha.  

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh ar gach úsáideoir bóithre tacú leis an tionscnamh sábháilteachta ar bhóithre seo lena gcuirtear cur chuige fianaisebhunaithe ‘Córas Sábháilte’ chun cinn, rud a bhfuil sé mar chuspóir fadtéarmach aige córas tráchta ar bhóithre a bheidh saor ó bhásanna agus ó ghortuithe tromchúiseacha a athraíonn an saol a bheith ann.

Impímid ar úsáideoirí bóithre inniu:

  • A chur i gcuimhne do bhaill teaghlaigh, do chairde agus do chomhghleacaithe aire bhreise a thabhairt agus iad ar na bóithre
  • Tiomáint chomh sábháilte agus is féidir leo agus rialacha na mbóithre a leanúint nuair atá siad ag tiomáint nó nuair atá siad ag taisteal de rothar, de ghluaisrothar nó de scútar leictreach
  • Faire amach d’Úsáideoirí Leochaileacha Bóithre amhail coisithe, rothaithe, úsáideoirí scútar leictreach, daoine scothaosta, leanaí óga agus marcaigh capall
  • Tiomáint ar luas sábháilte dleathach
  • Gan tiomáint agus iad ar seachrán, gan tiomáint faoi thionchar an óil, a gcrios sábhála a chaitheamh i gcónaí, agus a chinntiú go gcaitheann daoine eile a gcrios sábhála féin

Ag tacú dó leis an tionscnamh, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is é atá i Lá Thionscadal EDWARD ná meabhrúchán dúinn go ngabhann freagracht le gach aon turas. Impím ar gach coisí, ar gach rothaí agus ar gach tiománaí moilliú agus iad ar na bóithre agus aire a thabhairt inniu agus gach lá. Déanaimis uile ár gcion féin chun gach lá a dhéanamh ina lá gan aon bhás ar na bóithre.”

Dúirt Larry Bergin, Oifigeach Sábháilteachta ar Bhóithre i gComhairle Contae Fhine Gall: “Táimid bródúil as comhoibriú le hÚdaráis Áitiúla an Chósta Thoir chun tacú le Lá Thionscadal EDWARD. Inniu, impímid ar gach úsáideoir bóithre tiomáint le cúram breise agus le haird bhreise. Beidh an Garda Síochána ag déanamh seiceálacha tráchta breise a bhfuil sé mar aidhm leo tiomáint níos sábháilte a chur chun cinn, feasacht a mhúscailt ar na hiarmhairtí tromchúiseacha a bhíonn ag iompraíocht chontúirteach ar ár mbóithre, agus a chinntiú go dtiocfaidh gach duine abhaile slán sábháilte. Molaimid do gach duine nóiméad a thógáil chun an tsábháilteacht ar bhóithre a phlé agus an teachtaireacht ríthábhachtach seo a chomhroinnt le baill teaghlaigh, le cairde agus le comhghleacaithe. Le chéile, is féidir linn difear a dhéanamh.”

Tá cur chuige Fhís an Nialais de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ag iarraidh laghdú 50% sa líon básanna ar bhóithre a bhaint amach faoin mbliain 2030 agus deireadh a chur le básanna ar bhóithre faoin mbliain 2050.

/media/20857