Iniúchadh Mór le taifead a dhéanamh ar eilimintí sráide stairiúla Fhine Gall

Historic Streets

Is minic nach bhfuil aird chuí againn ar ár dtroscán sráide. Cuirtear colbhaí aolchloiche nua in áit na gcosán, déantar boscaí poist a uasdátú, baintear caidéil nuair nach bhfuil siad in úsáid a thuilleadh. Ach is iad na heilimintí seo a thugann carachtar dár sráideanna agus dár mbóithre agus a léiríonn ár stair shóisialta. Tá sé mar aidhm ag Iniúchadh na nEilimintí Sráide Stairiúla, den chéad uair, taifead cuimsitheach a chruthú ar throscán sráide Fhine Gall.

Tá Oifig Oidhreachta Fhine Gall, le cúnamh ón gComhairle Oidhreachta, tar éis Plean Seandálaíochta a choimisiúnú chun iniúchadh a dhéanamh ar eilimintí sráide stairiúla i bhFine Gall https://www.fingal.ie/historic-street-elements-audit .  Tá sé mar aidhm ag an tionscadal suíomh na ngnéithe stairiúla sráide a aithint, go sonrach

  • Colbhaí stairiúla agus eilimintí cloiche gaolmhara
  • Caidéil Uisce Stairiúla
  • Boscaí poist
  • Clocha míle
  • Eile

Faoi láthair níl a fhios againn cé mhéad caidéal uisce ná píosaí colbha stairiúla atá fágtha i bhFine Gall. Ceann de thorthaí an tionscadail ná taifead bonnlíne a bhunú de na heilimintí seo ionas gur féidir linn iad a chosaint amach anseo.

Gné thábhachtach eile den tionscadal is ea taifead ar stair shóisialta ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár mbóithre. An bhfuil grianghraif agat de na caidéil nó na boscaí poist ó bhlianta ó shin? B’fhéidir eolas ar cholbhaí nó ar dhoirneoga atá imithe as ár sráideanna? Nó cuimhní cinn ar chlocha míle? 

Is cinnte go mbeidh críochnú rathúil an iniúchta ina acmhainn shuntasach do staraithe, agus don phobal i gcoitinne. Má tá aon eolas agat faoi shuíomh, baint nó riocht eilimintí sráide stairiúla, cuir in iúl dúinn trí theagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann ag  <strong>[email protected]

Críochnófar an t-iniúchadh i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus beidh sé ar fáil don phobal ar líne. 

Deireadh leis an bPreasráiteas

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Historic Streets
Historic Streets