Gradam Cónaitheachta Chomhairle Contae Fhine Gall agus an Stiúideo Grafaice sa Phriontaíocht Mhínealaíne, 2020

Leis an gcónaitheacht dhá sheachtain seo, cuirfear timpeallacht fhoirfe ar fáil chun tionscadal cruthaitheach a fhorbairt a bhaineann leis an déantús priontaí agus deis, chomh maith, chun aithne a chur ar ealaíontóirí eile. Beidh an chónaitheacht ar siúl in 2020, ach caithfidh socrú a dhéanamh leis an té a cheapfar maidir leis an dáta ar ar cuirfear tús leis.

GSD print

Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall ag tairiscint cónaitheacht phriontaíochta mínealaíne, i gcomhpháirtíocht leis an Stiúideo Grafaice, Baile Átha Cliath, le healaíontóir gairmiúil a bhfuil spéis aige scrúdú a dhéanamh ar phróisis phriontála, is cuma an chéim dá ghairm ag a bhfuil sé nó cén disciplín ina n-oibríonn sé.

Leis an gcónaitheacht dhá sheachtain seo, cuirfear timpeallacht fhoirfe ar fáil chun tionscadal cruthaitheach a fhorbairt a bhaineann leis an déantús priontaí agus deis, chomh maith, chun aithne a chur ar ealaíontóirí eile. Beidh an chónaitheacht ar siúl in 2020, ach caithfidh socrú a dhéanamh leis an té a cheapfar maidir leis an dáta ar ar cuirfear tús leis.

Le bheith i dteideal iarratas a dhéanamh, ní mór gurb i gceantar riaracháin Fhine Gall a rugadh an t-iarratasóir, nó go ndearna sé nó sí staidéar ann, nó go bhfuil sé nó sí ina chónaí ann faoi láthair. Ní gá aon taithí sa phriontaíocht a bheith ag an té a cheapfar.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun teacht ar fhoirm iarratais, téigh i dteagmháil le Stiúideo Grafaice Bhaile Átha Cliath.

Teil: 01 817 0938 nó cuir ríomhphost chuig [email protected]

Ní mór na hiarratais a bheith curtha isteach faoin Déardaoin an 30 Aibreán, ag 4.00in, an spriocdháta ábhartha

Cuimseofar leis an gcónaitheacht:

·      Garchúrsa ionduchtaithe/oiliúna faoi conas an trealamh a úsáid, chomh maith le samplaí den dea-chleachtas i stiúideo roinnte déanta priontaí mínealaíne.

·      Cúnamh agus treoir ó dhéantóir priontála a bhfuil taithí aige / aici chun priontáil ildaite a dhéanamh ag baint úsáid as líníochtaí / péinteáil réamhullmhaithe mar thúsphointe.

·      Cuirfidh Stiúrthóir an Stiúideo comhairle ar fáil maidir le modheolaíochtaí déanta priontaí agus tabharfaidh sé cúnamh don ealaíontóir gach slí gur féidir leis chun na cuspóirí a bhaint amach go gairmiúil le linn tréimhse na cónaitheachta.

·      Tacaíocht ghairmiúil ó thaobh cúrsaí stiúideo de maidir le próisis theicniúla agus an fhorbairt ealaíonta.

·      Cúnamh chun eagrán beag den obair chríochnaithe a phriontáil.

·      Déanfar an chónaitheacht a dhoiciméadú don ealaíontóir, do Chomhairle Contae Fhine Gall agus do Stiúideo Grafaice Bhaile Átha Cliath. Taispeánfar an saothar críochnúil i nGailearaí an Stiúideo Ghrafaice.

Faisnéis bhreise

Is í Sorca O'Farrell, ealaíontóir radhairc tíre ó Bhinn Éadair, a fuair an gradam in 2019 agus d'oibrigh sé i gcomhar leis an mórphrintéir Niamh Flanagan ag Stiúideo Grafaice, Baile Átha Cliath chun sraith priontaí eagrán teoranta a chruthú, sraith atá anois mar chuid de Bhailiúchán Ealaíne Cathrach Chomhairle Contae Fhine Gall. Dar le Sorca “Mheas mé féin go raibh Niamh an-spreagúil agus díograiseach agus í ag cabhrú liom cinneadh a dhéanamh faoi na dearaí clóite. Táim an-sásta ar fad leis an dá phrionta deiridh, agus d'fhoghlaim mé an oiread sin agus mé á dhéanamh. Shíleas go raibh an chónaitheacht iontach fiúntach. Cuirtear fáilte ó chroí roimh na healaíontóirí cuairte agus déantar iad a spreagadh, agus, chomh maith leis sin, is caighdeán an-ard atá i gceist leis na saoráidí atá sa stiúideo. ”

Eolas Faoi Stiúideo Grafaice Bhaile Átha Cliath

Bunaíodh Stiúideo Grafaice Bhaile Átha Cliath in 1960 chun an próiseas sin a éascú lena mbaintear tairbhe as na meáin déanta priontaí chun smaointe ealaíne a chur in iúl, agus chun an fhéidearthacht a chur i mbun cleachtais oibre rathúla a chur ar fáil d'ealaíontóirí gur féidir leo tairbhe a bhaint astu ag gach uile chéim dá shaol gairmiúil.

Cuirimid saoráidí déanta priontaí agus cúnamh teicniúil ar fáil i dtimpeallacht oibre atá tacúil, agus múinimid na scileanna atá de dhíth chun an t-ealaíontóir a chur ar a chumas chun cleachtais oibre rathúla a fhorbairt, agus chun tairbhe a bhaint as na meáin chlóite chun cur leis an taithí ealaíne atá aige cheana féin.

Ag seo a leanas, na modhanna priontaíochta a éascaítear i Stiúideo Grafaice Bhaile Átha Cliath: An eitseáil, an liteagrafaíocht, an gearradh líonóile, an phriontáil turbheara, carborundum, an phriontáil bloic adhmaid, an phriontáil uiscimire, an phriontáil fóta-intaglio, an cabhradh dall, an chollógrafaíocht, an chlódóireacht litirphreasa, an mheisitint, agus an scagphriontáil. Tá cúnamh teicniúil agus oideachas na n-ealaíontóirí sna teicnící prionta thuasluaite i gcroílár an éitis atá againn.

www.fingalarts.ie

www.fingal.ie/arts       

www.graphicstudiodublin.com