Glacann Comhairle Contae Fhine Gall le buiséad de €269m le haghaidh 2020

Ghlac Comhairle Contae Fhine Gall le buiséad de €269m le haghaidh 2020 chun seirbhísí agus infheistíocht a sholáthar atá deartha chun an contae a fheabhsú mar áit chun maireachtáil inti, chun obair a dhéanamh inti, agus chun infheistiú inti.

Is ionann é agus méadú de €32m ó 2019 agus tá sé coibhéiseach le €911 in aghaidh an duine sa daonra. Cuirfidh Buiséad 2020 ar chumas na Comhairle leanúint ar aghaidh le bainistiú na n-éileamh leanúnach atá ar an gcontae is mó fás agus is óige in Éirinn.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Cuireadh tús leis an bpróiseas buiséid chomh luath is a tháinig an Chomhairle le chéile i mí Meithimh agus is mian liom an obair atá déanta ag mo chomhghleacaithe sa Ghrúpa Beartais Chorparáidigh mar aon leis an bhfoireann i rannáin dhifriúla sa Chomhairle a admháil. D’ainneoin na ndúshlán a bhí le sárú againn d’éirigh linn méadú beag ar sheirbhísí a chur san áireamh, fianaise gur Comhairle atá á rith go maith agus á bainistiú go ciallmhar í Comhairle Contae Fhine Gall.”

Tá beagnach €5m imfhálaithe le haghaidh infheistíocht bhreise i seirbhísí áitiúla cosúil le glantachán sráide, cothabháil páirceanna agus gníomhaíochtaí oibríochtúla eile cosúil le tithíocht agus easpa dídine. Áirítear sa tsuim seo an €2m a fuarthas mar thoradh ar an gcinneadh a rinne comhairleoirí i Meán Fómhair an Cháin Mhaoine Áitiúil a laghdú 10%.

Ag an gcruinniú Buiséid, chinn comhairleoir aisíocaíocht 40% a chur i bhfeidhm ar mhaoin tráchtála folamh chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh roinnt réimsí lena n-áirítear tionscadail Ghníomhú ar son na hAeráide agus forfheidhmiú páirceála.

Cuireadh tús leis an bpróiseas buiséid chomh luath is a tháinig an Chomhairle le chéile i mí Meithimh agus is mian liom an obair atá déanta ag mo chomhghleacaithe sa Ghrúpa Beartais Chorparáidigh mar aon leis an bhfoireann i rannáin dhifriúla sa Chomhairle a admháil. D’ainneoin na ndúshlán a bhí le sárú againn d’éirigh linn méadú beag ar sheirbhísí a chur san áireamh, fianaise gur Comhairle atá á rith go maith agus á bainistiú go ciallmhar í Comhairle Contae Fhine Gall.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Is é seo an tríú bliain nár chomhaontaigh ár gcomhairleoirí an Cháin Mhaoine Áitiúil a laghdú an t-uasmhéid 15%, agus chuir sé sin ar ár gcumas €2m breise sa bhliain a chaitheamh ar sheirbhísí a chuireann feabhas ar na ceantair a bhfuil ár saoránaigh ag maireachtáil iontu.” “Is suim shuntasach airgid é agus ciallaíonn sé, faoi dheireadh 2020 go mbeidh €6m breise caite againn, nach mbeadh againn murach é, ar oibreacha feabhais éagsúla inár mbailte agus sráidbhailte.”

Tá €200k breise curtha i leataobh sa Bhuiséad chun tacú le hoibreacha feabhais in áiseanna pobail nach bhfuil faoi úinéireacht na Comhairle. Tá sé seo á dhéanamh mar fhreagairt ar fhadhbanna ar tharraing comhairleoirí aird orthu le míonna beaga anuas.

Tá na trí phríomhchuspóir sonraithe i mBuiséad 2020. Is é an phríomhthosaíocht leanúint le hinfheistíocht sna réimsí Tithíochta agus Pobail mar aon le seachadadh seirbhíse a chothabháil agus leanúint leis an bplean geilleagrach agus pobail d’Fhine Gall a fhorbairt, a thacaíonn le cruthú fostaíochta, turasóireacht agus pobail inbhuanaithe.

 

Is féidir an Buiséad €269m a bhriseadh síos mar seo a leanas:

  • €73.6m - Tithe agus Foirgnimh;
  • €28.6m - Iompar ar Bóthar agus Sábháilteacht 
  • €18.5m - Seirbhísí Uisce
  • €24m - Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
  • €47.7m - Cosaint an Chomhshaoil
  • €45.2m - Áineas agus Conláistí
  • €1.1m - Talmhaíocht, Oideachas, Sláinte agus Leas
  • €31.0m - Seirbhísí Ilghnéitheacha

 

Tá méaduithe ar roinnt príomhréimsí ar fud na Comhairle curtha san áireamh i mBuiséad 2020. Ceadaíonn an caiteachas méadaithe seo infheistíocht shuntasach a dhéanamh sa Chontae agus cuireann sé leis an infheistíocht a rinneadh i mbuiséid roimhe seo.

Tá sé ríthábhachtach de réir mar a leanann an Contae ag forbairt go leanann na seirbhísí, an bonneagar agus na háiseanna atá á gcur ar fáil ag an gComhairle ag forbairt freisin

Beidh méadú le tabhairt faoi deara sa mhaoiniú atá ar fáil d’oibreacha feabhais caipitil sa stoc tithíochta sóisialta mar aon le maoiniú breise d’oibreacha feabhais ar eastát do daoine den lucht siúil. Chomh maith leis sin, tá méadú tagtha ar dheontais oiriúnaithe tithe.

Ceadaítear sa Bhuiséad do mhéaduithe ar rud roinnt réimsí laistigh d’Oibríochtaí lena n-áirítear cothabháil bóithre, soilsiú poiblí, bainistíocht tráchta agus glantachán sráide. Chomh maith leis sin, tá maoiniú breise de €200k ar fáil do chostais faoi Phlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide 2019-2024.

Tá soláthar caipitil de €2m curtha ar fáil do mhaoiniú Cheathrú Chultúrtha Shoird. Tá sé seo ag tacú le tiomantas na Comhairle don mhórthionscadal seo chun Leabharlann agus Áis Ealaíon a chur ar fáil i Sord. Chomh maith leis sin, tá breis maoinithe á chur ar fáil do réadmhaoin oidhreachta agus chun cur leis na gníomhaíochtaí imeachta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly: “Tá sé ríthábhachtach de réir mar a leanann an Contae ag forbairt go leanann na seirbhísí, an bonneagar agus na háiseanna atá á gcur ar fáil ag an gComhairle ag forbairt freisin. Tá fianaise air seo le fáil i mBuiséad 2020 agus inár gClár Caipitil 2020-2022 trí bliana, áit a léirítear ár dtiomantas do €619m breise a chaitheamh ar 236 tionscadal aonair ar fud an chontae.”

Bhí laghdú ar rátaí le haghaidh 77% d’íocóirí ráta i bhFine Gall mar thoradh ar an athluacháil a rinneadh ar na rátaí le déanaí. Chruthaigh an próiseas athluachála riosca airgeadais don Chomhairle chomh fada is a bhaineann le laghdú féideartha ar ioncam rátaí ag eascairt as an bpróiseas achomhairc. Chun é seo a mhaolú, tá cúlchiste de €21.8m i mBuiséad 2020 chun soláthar a dhéanamh don riosca seo amach anseo. Tá an cúlchiste seo á mhaoiniú ag meascán d’acmhainní na Comhairle agus sásra san Ordú um Theorannú Rátaí a cheadaíonn méid a chur san áireamh chun maolú in aghaidh caillteanas ioncam rátaí amach anseo.  Tá an cúlchiste seo cruthaithe ag an gComhairle gan cur isteach ar nó seirbhísí don phobal a laghdú.

Is féidir breathnú ar chóip de dhréacht-Bhuiséad Bliantúil 2020 ar https://www.fingal.ie/council/service/annual-budget

Is féidir breathnú ar dhíospóireacht na Comhairle faoi Bhuiséad 2020 ar https://fingalcoco.public-i.tv/core/portal/webcast_interactive/451730

 

 

CRÍOCH

 

NÓTAÍ DO NA HEAGARTHÓIRÍ

 

Comhairle Contae Fhine Gall

Is é Comhairle Contae Fhine Gall an tÚdarás Áitiúil do chontae riaracháin Fhine Gall. Tá Fine Gall suite ag tuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá teorainn aige le Contae Bhaile Átha Cliath Theas, an Mhí agus Cill Dara, agus le Muir Éireann ag an taobh thoir. Clúdaíonn an contae limistéar de thart ar 448 ciliméad cearnach. Tá daonra de 296,214 i bhFine Gall, rud a chiallaíonn gurb é an tríú limistéar údaráis áitiúil is mó daonra sa tír. Is é Fine Gall an contae is tapa fás in Éirinn agus d’fhás a daonra 8.1% ó 2011 agus is beag nár dhúbail an daonra thar thréimhse 25 bliain, ó 152,766 in 1991 go dtí 296,214 in 2016. I measc na mórbhuntáistí eacnamaíocha atá i bhFine Gall tá Aerfort Bhaile Átha Cliath, rochtain thapa ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, bonneagar iarnróid, bóithre, cumhachta agus teileachumarsáide, agus infhaighteacht talamh seirbhísithe agus neamhsheirbhísithe d’fhorbairt. Cinntíonn cóngaracht do lár chathair Bhaile Átha Cliath agus a suíomh ar Chonair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste, go leanfar leis an bhforbairt i bhFine Gall.

An Próiseas Buiséid

Is próiseas reachtúil é an próiseas buiséid, a chuireann gach údarás áitiúil i gcrích gach bliain. 

Sainmhíníonn an próiseas an t-ioncam agus caiteachas don Chomhairle don bhliain amach rompu. 

Déantar cinneadh maidir le beartas buiséid i gcomhairle le baill thofa, oifigigh agus ag cur meastachán san áireamh de mhaoiniú atá ar fáil tríd an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, agus go háirithe trí leithdháileadh Cáin Mhaoine Áitiúil.  Chomh maith leis sin, tá próiseas comhairliúcháin phoiblí bunaithe i ndáil leis an gCáin Mhaoine Áitiúil.

Tá roinnt príomhfheidhmeanna ag baill thofa Chomhairle Contae Fhine Gall i ndáil leis an bpróiseas buiséid.

 

  • Glacadh leis an mBuiséad

Is féidir le baill glacadh leis an mBuiséad le nó gan leasú agus ní mór dóibh na suimeanna atá curtha ar fáil le haistriú chuig an gCuntas Caipitil a cheadú

  • Cáin Mhaoine Áitiúil

Tá de chumhacht ag na Baill an Ráta Cáin Mhaoine Áitiúil a athrú (Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil) trí 15% a chur leis / a asbhaint. Déantar cinneadh maidir leis seo ag cruinniú Mheán Fómhair na Comhairle.

  • Rátaí Tráchtála

Déanann baill cinneadh maidir leis an Luacháil Bhliantúil Inrátáilte ar a mbunaítear an Ráta Tráchtála a ghearrtar ar ghnóthaí áitiúla.

  • Rátaí ar Réadmhaoin Fholamh

Chomh maith leis sin, tá sé de chumhacht ag baill cinneadh a dhéanamh maidir le céatadán na n-aisíocaíochtaí rátaí a bheidh i bhfeidhm i ndáil leis an réadmhaoin fholamh tráchtála.