FÓGRAÍONN COMHAIRLE CONTAE FHINE GALL IMEACHTAÍ OÍCHE SHAMHNA MALARTACHA

Mar gheall ar Fhéile na Lasrach bliantúil a bheith curtha siar i bhfianaise na srianta leanúnacha mar gheall ar phaindéim Covid-19,tá clár imeachtaí spreagúla, spraíúla agus diamhara curtha le chéile ag Comhairle Contae Fhine Gall d’Oíche Shamhna agus níl aon dabht ach go gcuirfidh sé siamsaíocht ar fáil do d’amhailtí agus do chailleacha beaga!

Spookify your House Poster

Dóibh siúd agaibh gur mian libh bhur dteach a mhaisiú ag Oíche Shamhna, tá comórtas ‘Maisigh Do Theach/Fuinneog d’Oíche Shamhna’ seolta ag Líonra Rannpháirtíochta Pobail Fhine Gall agus an Oifig Imeachtaí. Gheobhaidh gach cumann cónaitheoirí a chláraíonn le páirt a ghlacadh dearbhán One 4 All ar luach €100 le tabhairt mar dhuais agus beidh siad freagrach as na hiontrálacha óna gceantar a mheas. Ina dhiaidh seo, ba cheart grianghraif de na hiontrálacha a bhuaigh a sheoladh chuig:  [email protected] www.facebook.com/EventsinFingal Le haghaidh ceisteanna seol ríomhphost le do thoil chuig: [email protected] Ná bí buartha mura bhfuil baint agat le cumann cónaitheoirí, is féidir leat grianghraif de do theach/fuinneog maisithe d’Oíche Shamhna a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected] le do sheoladh agus sonraí teagmhála.  

 

Go dtí seo roghnaigh Oifig Imeachtaí Fhine Gall sé shuíomh i bhFine Gall ina ndéanfar íomhánna sceirdiúla a theilgean ar ár bhfoirgneamh chun seó solais amhairc corraitheach a chruthú do gach duine chun taitneamh a bhaint as thar shaoire Oíche Shamhna. Is iad cuid de na suíomhanna atá deimhnithe ná Diméin an Droichid Nua, Túr Martello Phort Reachrann/Dhomhnach Bat, Túr Martello Bhinn Éadair, Cloigtheach Lusca, Leabharlann an Rois agus Caisleán Shoird le measúnuithe oiriúnachta á ndéanamh in áiteanna eile ar fud an chontae. Bí cinnte sinn a leanúint ar na meáin shóisialta, @fingalcoco, le haghaidh aon nuashonruithe.

 

Pobal

Halloween Community Development competition poster

Tá an Roinn Pobail ag comhordú Tionscadal Fíorúil Oíche Shamhna 2020 ar fud an chontae ina mbeidh 27 Ionad Pobail ag reáchtáil comórtais  Cruthú Mascanna, Dathúcháin agus scríbhneoireachta filíochta. Tá trí chatagóir aoise: 4-7 bliana, 8-10 mbliana agus 11-13 mbliana agus is iad na duaiseanna a bheidh ann do na hiontrálacha a bhuafaidh ná dearbháin leabhar. Is bealach iontach iad na comórtais seo chun teagmháil a dhéanamh leis an ionad pobail áitiúil agus leanaí a spreagadh le bheith cruthaitheach óna mbaile féin. Déan teagmháil le d’ionad pobail áitiúil chun páirt a ghlacadh sa chomórtas.

 

Tugadh cuireadh do dhaoine óga páirt a ghlacadh freisin chun a gcuid masc bréagreachta cruthaitheacha féin a dhéanamh le Jo May, an tÉascaitheoir Cruthaitheach ó ReCreate, ag úsáid earraí a fhaigheann tú sa bhaile. Beidh na seisiúin go léir ar siúl Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair trí Zoom agus moltar áirithint a dhéanamh go luath. Beidh ar rannpháirtithe na nithe seo a leanas a bhailiú agus a bheith ullamh don seisiún: Cárta, siosúr, téip, gliú, ribín/sreangán agus moltar dóibh earraí eile a thabhairt ar nós: nuachtán, boscaí uibheacha, lár rollaí leithris, clúdaigh phlaisteacha agus ábhair eile chun an masc a mhaisiú.  

 

Chun aon cheann de na Ceardlanna Bréagreachta seo a leanas a chur in áirithe, cláraigh anseo le do thoil:

 

11:00 RN cliceáil anseo : Ceardlann Cruthú Mascanna Bréagreachta ar Zoom 11rn

12:30RN cliceáil anseo : Ceardlann Cruthú Mascanna Bréagreachta ar Zoom 12:30rn

2:00 RN cliceáil anseo : Ceardlann Cruthú Mascanna Bréagreachta ar Zoom 2:00rn

 

Leabharlann

Halloween events at Libraries

Our Libraries team have been working behind closed doors and invite you to join them for some delightfully spooktacular stories on their YouTube channel. Orlaith O’Sullivan will be reading for 7-12 year olds in what promises to be a spooky story with a happy ending! Orlaith will also be hosting a fun crafty session which will help 7-12 year olds explore what they find spooky, allowing them to address their fears and worries. These and other events can be found on the Fingal Libraries YouTube channel.

Tá ár bhfoireann Leabharlanna ag obair taobh thiar de dhoirse dúnta agus tugann siad cuireadh duit a bheith páirteach leo le haghaidh roinnt scéalta sceirdiúla spraíúla ar a gcainéal YouTube. Beidh Orlaith O’Sullivan ag léamh scéil sceirdiúil do leanaí 7-12 mbliana a bhfuil críoch shona leis! Beidh Orlaith ag óstáil seisiún taitneamhach ceardaíochta a chabhróidh le leanaí 7-12 mbliana d’aois  fiosrú cad iad na rudaí a chuireann eagla orthu, ag ligean dóibh aghaidh a thabhairt ar a bhfaitíos agus imní. Is féidir na himeachtaí seo agus imeachtaí eile a fháil ar chainéal YouTube Leabharlanna Fhine Gall.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Sna hamanta dúshlánacha seo, tá sé tábhachtach bealaí a aimsiú chun saoire Oíche Shamhna a cheiliúradh go sábháilte, ag leanúint treoirlínte sláinte poiblí. In a lán tithe ar fud an chontae, beidh leanaí ag glacadh páirt i gceiliúradh teaghlaigh níos lú agus b’fhéidir fiú ag dul i dtaithí ar roinnt cluichí Oíche Shamhna traidisiúnta in ionad glaoch ó dhoras go doras. I bhfianaise na staide atá ann faoi láthair, fáiltím roimh na himeachtaí atá eagraithe ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhar lenár n-ionaid phobail áitiúla, Líonra Rannpháirtíochta Pobail Fhine Gall agus ranna laistigh den chomhairle agus tá súil agam go nglacfaidh go leor agaibh le spiorad an tséasúir. Ag guí Oíche Shamhna shona oraibh go léir.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Is cinnte go mbeidh féilte Oíche Shamhna na bliana seo an-difriúil ó bhlianta roimhe seo mar gheall ar na srianta reatha ar shláinte phoiblí. Ba chúis dhíomá an cinneadh Féile na Lasrach bhliantúil a raibh an-rath uirthi a chur siar ach nuair a bheidh an t-am i gceart, táimid ag súil le hócáid le téama tinte ealaíne a chur ar siúl chun go mbainfidh gach duine taitneamh as. Idir an dá linn, tá súil agam go mbeidh tú linn go cianda le haghaidh sraith imeachtaí a chuirfidh siamsaíocht ar fáil agus a spreagfaidh tú le bheith páirteach ann.”

 

Maidir leis na himeachtaí atá beartaithe, dúirt sí freisin: “Tá deiseanna iontacha ann chun cruthaitheacht agus samhlaíocht a léiriú le comórtais maisiúcháin tithe, cruthú mascanna, dathúcháin, agus scríbhneoireachta filíochta maraon le himeachtaí ar líne ó Leabharlanna Fhine Gall agus seó solais amhairc ar chuid dár bhfoirgneamh íocónacha. Pé slí a chaitheann tú an tráthnóna áfach, impím ort a bheith sábháilte, comhairle sláinte poiblí a leanúint agus am taitneamhach a bheith agat.”

 

Tá an Amnesty Oíche Shamhna bliantúil á reáchtáil ag an Roinn Oibríochtaí fresin ag Ionaid Athchúrsála an Inbhir, Shoird agus Chúil Mhín. Tá an Amnesty á leathnú agus laethanta breise saor in aisce curtha leis mar bhealach chun tacú le pobail áitiúla. Cuirtear an tionscnamh seo ar fáil chun cuidiú le spásanna oscailte a chosaint trí dhiúscairt dramhaíola féideartha ar thinte cnámh áitiúla a laghdú. San am atá thart d’éirigh leis an tionscnamh seo an damáiste do spásanna oscailte poiblí agus glantacháin ina dhiaidh sin a laghdú.  

 

I mbliana beidh an tionscnamh seo ar siúl ón gCéadaoin, 21 Deireadh Fómhair go dtí an Satharn, 31 Deireadh Fómhair chun ábhar indóite a dhiúscairt saor in aisce (m.sh. leapacha, toilg, doirse adhmaid) do chónaitheoirí Fhine Gall. Cuirtear na laethanta breise san áireamh chun rochtain mhéadaithe a sholáthar don phobal ar na hionaid athchúrsála atá ag feidhmiú faoi phrótacail um Fhadú Sóisialta Covid le cead docht ar líon na gcarranna sna hionaid ag aon am faoi leith.

 

Meabhraítear do dhaoine go gcaithfidh siad cloí le treoirlínte an Rialtais maidir le fanacht laistigh de 5 ciliméadar dá dtithe faoi na srianta nua Leibhéal 5 a thiocfaidh i bhfeidhm ag meánoíche Dé Céadaoin, 21 Deireadh Fómhair.

 

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall i gcuimhne do bhaill an phobail go bhfuil tinte cnámh mídhleathach. D’áitigh sé ar bhaill an phobail aon teagmhais bailiúcháin ábhair a thuairisciú don Chomhairle.

 

Is féidir tuairisciú a dhéanamh freisin trí Chúram Custaiméirí ar 01 890 5000 ar [email protected] le linn uaireanta oifige.

 

Le haghaidh tuilleadh sonraí ar ár imeachtaí Oíche Shamhna, tabhair cuairt le do thoil ar www.fingal.ie nó lean sinn ar Facebook nó Twitter - @fingalcoco

Fingal County Council Chief Executive AnnMarie Farrelly said: “This year’s Halloween festivities will certainly feel much different to previous years due to the current public health restrictions. The decision to postpone the hugely successful annual Festival of Flame was very disappointing but when time allows, we look forward to staging a fireworks themed event for everyone to enjoy. In the meantime, I hope you will join us remotely for a series of events to entertain and engage.”

On the planned events, she continued: “There are fantastic opportunities to showcase creativity and imagination with house decorating, mask making, colouring and poetry writing competitions as well as online events from Fingal Libraries and a visual light show on some of our iconic buildings. However you spend the evening, I urge you to be safe, to follow public health advice and to have an enjoyable time.”

For further details on our Halloween events,  follow us on Facebook or Twitter - @fingalcoco

Amnesty Oíche Shamhna Bliantúil ag Ionaid Athchúrsála