Fógra Sealadach 'Ná Snámh' eisithe do An Trá Mhín, Port Mearnóg

Tabhair le fios le do thoil go bhfuil Fógra Toirmisc sealadach “Ná Snámh” curtha suas ag An Trá Mhín, Port Mearnóg le haghaidh 72 uair an chloig de bharr ró-shreabhadh uisce stoirme ag stáisiún caidéalaithe tar éis titim trom báistí ar maidin.

do not swim

Beidh tuilleadh tástála ar siúl amárach, an 28ú Iúil 2020 agus beidh torthaí na hanailíse saotharlainne ar fáil ar Déardaoin, an 30ú Iúil 2020.

Tógadh samplaí uisce snámha gach coicís ag An Trá Mhín ó cuireadh tús le séasúr snámha an tsamhraidh agus tá an t-uisce ag caighdeán “Sármhaith” i ngach tástáil.

Tá An Trá Mhín, Port Mearnóg fós ar oscailt ach iarrtar ar úsáideoirí trá cloí leis an an bhfógra ‘Ná Snámh’ mar cuireadh i bhfeidhm é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte snámhóirí i mbaol.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.