Filleann Seachtain na Rothar 2026 ar Fhine Gall

bike week 2026

Filleann Seachtain na Rothar 2026 ar Fhine Gall le Laethanta Spraoi Teaghlaigh in Aisce agus le hImeachtaí ar fud an Chontae

Cuirfear tús le Seachtain na Rothar 2026 Dé Sathairn an 09 Bealtaine, ar lena linn a bheidh Comhairle Contae Fhine Gall ag soláthar clár bríomhar imeachtaí in aisce a bheidh oiriúnach do theaghlaigh ar fud an chontae. Agus an tseachtain á cistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus á soláthar go háitiúil ag Aonad Taistil Ghníomhaigh Fhine Gall, déantar ceiliúradh inti ar an rothaíocht, ar an iompar inbhuanaithe agus ar stíleanna maireachtála gníomhacha trí raon leathan gníomhaíochtaí tarraingteacha. 

Idir thurais rothaíochta stairiúla, cheardlanna scoile, sheisiúin rothaíochta oiriúnaithe agus babhtaí rothaíochta ag luí na gréine, cuirtear gníomhaíochtaí do gach duine ar fáil i Seachtain na Rothar 2026, is cuma cé acu atá siad ag tabhairt faoin rothaíocht den chéad uair riamh nó atá siad ag cur leis an taithí atá acu cheana féin. Buaicphointe mór de chlár na bliana seo is ea trí Lá Spraoi Teaghlaigh in aisce a bheidh ar siúl ar fud Fhine Gall: 

• Lá Spraoi Teaghlaigh Fhine Gall um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Seachtain na Rothar, Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir, Dé Sathairn an 09 Bealtaine idir 12pm agus 6pm, ar lena linn a bheidh veileadróm sráide, boghdóireacht, cluichí sráide, deisiúchán rothar in aisce, tob-uisceadán mara Turning Tides, agus gníomhaíochtaí ó Leabharlann Bréagán Bhaile Átha Cliath 15 ar siúl. 

• Lá Spraoi Teaghlaigh Chaisleán Bhrí Mhór Dé Sathairn an 16 Bealtaine idir 11am agus 4pm, ar lena linn a bheidh seiceálacha sábháilteachta rothar, cluichí sráide agus an Cúrsa Scileanna Rothaíochta Fireride a bhfuil an-tóir air ar siúl, rud a spreagfaidh rothaíocht mhuiníneach shábháilte i dtimpeallacht spraíúil thacúil. 

• Lá Spraoi Teaghlaigh Chaisleán Mhullach Íde Dé Domhnaigh an 17 Bealtaine idir 11am agus 6pm, ar lena linn a bheidh tob-raon scileanna BMX, deisiúchán rothar in aisce, cluichí sráide, turais ar rothair ricseá de chuid Cycling Without Age, cluichí rothaíochta faoi thiomáint troitheán, treodóireacht rothar, agus léirithe scannán amuigh faoin spéir ar siúl. 

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Cuireann Seachtain na Rothar béim ar na buntáistí iomadúla a bhaineann leis an rothaíocht, amhail feabhas a chur ar an tsláinte agus ar an bhfolláine agus teaghlaigh agus cairde a thabhairt le chéile i mbailte agus sráidbhailte ar fud Fhine Gall. A bhuí le raon leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí saor in aisce a bheith ar fáil do gach duine, beag beann ar a n-aois, moltar do gach duine páirt a ghlacadh iontu agus dul amach ar a rothar.” 

Seachas na Laethanta Spraoi Teaghlaigh, bíonn babhtaí téamaithe rothaíochta agus paráidí rothaíochta mar chuid de Sheachtain na Rothar i bhFine Gall, rud a thugann tuilleadh deiseanna chun páirt a ghlacadh iontu ar fud na seachtaine. 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá Seachtain na Rothar ag druidim linn go tapa, agus tá rud éigin ar fáil do gach duine, beag beann ar a n-aois agus ar a gcumas, i gclár iontach imeachtaí na bliana seo. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do thaisteal gníomhach agus iompar inbhuanaithe a chur chun cinn trí fheabhsuithe a dhéanamh ar ár mbonneagar, trí oideachas a chur ar fáil laistigh de phobail agus trí thacú leis an rothaíocht mar mhodh iompair atá taitneamhach, inrochtana agus sláintiúil. Tá ríméad orainn tacú le gníomhaíochtaí Sheachtain na Rothar arís i mbliana agus, ós rud é go mbeidh raon chomh leathan sin d’imeachtaí ar siúl ar fud an chontae, tá súil agam go mbainfidh sibh go léir taitneamh as an gceiliúradh seo ar an rothaíocht.” 

Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Ceann de na príomhnithe a ndíríonn Seachtain na Rothar orthu is ea tacú le daoine na scileanna agus an mhuinín a theastaíonn uathu chun rothaíocht go sábháilte a fhorbairt, is cuma cé acu atá siad ag tosú amach ar an rothaíocht nó atá siad ag filleadh uirthi tar éis lear blianta. Trí ghníomhaíochtaí idirghníomhacha, trí bhabhtaí rothaíochta grúpa agus trí imeachtaí áitiúla tarraingteacha, féachaimid le deireadh a chur le bacainní agus a chinntiú gur rogha shábháilte, inrochtana agus thaitneamhach do níos mó daoine ar fud Fhine Gall í an rothaíocht.” 

Is ceiliúradh ar an inbhuanaitheacht, ar an bhfolláine agus ar an gceangal pobail í Seachtain na Rothar 2026, agus tugtar cuireadh do gach duine chun páirt a ghlacadh inti. Tá mionsonraí iomlána faoi na himeachtaí, lena n-áirítear na láithreacha, na dátaí agus na hamanna, ar fáil ag https://www.fingal.ie/activetravel/bikeweek.