Féile Staire Fhine Gall 2020 seolta i gCaisleán Shoird

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairle David Healy, ceathrú Féile Bhliantúil Staire Fhine Gall, ar an Déardaoin, an 3 Meán Fómhair. 

 

Fingal Festival of History 2020

Reáchtálfar féile na bliana ar líne agus beidh na cainteanna ar fad ar fáil ar chainéal YouTube agus ardáin meán sóisialta Leabharlanna Fhine Gall i rith sheachtain na féile idir an 12 agus 19 Meán Fómhair. 

Tá comóradh céad bliain Chreach Bhaile Brigín ar siúl i mbliana agus is é sin príomhthéama ár bhFéile.  Áirítear i gclár na bliana seo arís lá Stair an Chaisleáin agus beidh cainteoirí éagsúla ag roinnt eolais faoi ábhair spéise a bhaineann le Creach Bhaile Brigín, Cogadh na Saoirse agus coinníollacha polaitiúla eile a bhaineann leis an tréimhse seo de stair na hÉireann.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “I bhfianaise gach rud atá tarlaithe ó thús na bliana seo tá sé tábhachtach go mbeimis in ann déileáil leis an saol mar atá. Baineann tábhacht le súil a chaitheamh siar ar ár stair, agus is dea-scéala é go mbeidh Féile Staire na bliana seo á reáchtáil. Cosúil le formhór na n-imeachtaí atá á reáchtáil na laethanta seo, beidh cur chuige difriúil againn i mbliana. Beidh na cainteanna staire ar fad á thaifeadadh sa Séipéal i gCaisleán Shoird. Is mian liom buíochas a ghabháil le foireann Leabharlainne Chomhairle Contae Fhine Gall a d’eagraigh na cainteanna seo.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Leabharlannaí Contae, Betty Boardman: “Bhí rún daingean againn leanúint ar aghaidh le Féile Staire Fhine Gall i mbliana d’ainneoin COVID-19.  Beidh féile na bliana seo difriúil, áfach, mar gheall ar shrianta riachtanacha COVID-19, agus ní bheidh aon lucht féachana i láthair, ach beidh na cainteanna taifeadta agus á gcraoladh ar ár gcainéal YouTube agus ardáin meán sóisialta ionas gur féidir le daoine tairbhe a bhaint astu.  Tá clár spéisiúil curtha le chéile ag comhaltaí foirne na Leabharlann chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó tharla Creach Bhaile Brigín agus 175 bliain ó thug Frederick Douglass, daonfhuascailteoir agus iarsclábhaí Afrai-Mheiriceánach, cuairt ar Éirinn.

Cuimsítear sna cainteanna atá á dtaifeadadh sa Séipéal i gCaisleán Shoird léargas iardhearcach ar Chreach Bhaile Brigín ó staraí áitiúil agus iar-Leabharlannaí Sinsearach, leabharlanna Fhine Gall, Jim Walsh, imeachtaí atá idirnasctha le Creach Bhaile Brigín leis an gComhairleoir Cathal Boland, conas a spreag Creach Bhaile Brigín úrscéal cáiliúil do leanaí Brian Gallagher, Pawns, agus saol Molly Adrian le Lou Boland. 

Labhróidh Declan Brady faoin Rialtas Áitiúil agus Cogadh na Saoirse i bhFine Gall; labhróidh an staraí Brian Hanley faoi ról na nDúchrónach agus na bhfórsaí Cosanta i rith Chogadh na Saoirse, agus labhróidh Brian Dorney faoi Chogadh na Saoirse i mBaile Átha Cliath. 

Ar deireadh, beidh David O’Connor ar an ardán i dteannta le Aidan agus Helen Lawlor chun rogha ceoil agus amhrán a chur inár láthair a bhaineann leis an tréimhse agus i measc na n-amhrán a bheidh le cloisteáil beidh ‘The Bold Black and Tan’ agus ‘Kevin Barry’.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is imeacht tábhachtach bliantúil i bhFine Gall an Fhéile Staire, agus cúis dóchais é tiomantas fhoireann na Leabharlainne a chinntiú go bhféadfaí an Fhéile a reáchtáil i mbliana. Leagfar béim i rith Fhéile na bliana seo ar chomóradh céad bliain Chreach Bhaile Brigín agus tá clár iontach cainteanna forbartha chun comóradh a dhéanamh ar an imeacht seo, agus mholfainn do gach duine féachaint ar na cainteanna seo ar ár n-ardáin éagsúla meán sóisialta.”

Gné speisialta d’Fhéile Staire Fhine Gall na bliana seo é an taispeántas coimisiúnaithe go speisialta faoi Chreach Bhaile Brigín. Beidh an taispeántas, arna choimeád ag Catherine Keane, Leabharlannaí Sinsearach, Leabharlanna Fhine Gall ar taispeáint san Aitriam i Halla an Chontae, Sord i rith mhí Mheán Fómhair.  Beidh an taispeántas seo ar fáil ar líne freisin. 

Cuimseofar sa taispeántas seo sé phainéal faisnéise suite de dhoiciméid bhunaidh a bhaineann go sonrach leis an imeacht lena n-áirítear Miontuairiscí lámhscríofa bunaidh ó chruinnithe de chuid Choimisinéirí Baile Bhaile Brigín, cóip bhunaidh den Fhorógra Cúitimh maidir le Díobháil Choiriúil do Mhaoin bronnta ar chónaitheoir ó Shráid Chluain Ard agus admháil ó William Cochrane ag cur in iúl go ndéileálfaidh sé le ceist a bhaineann leis an Rialtas Sealadach agus Michael Collins.  Beidh nuachtscannán British Pathé ina dtaispeántar an léirscrios a tharla ina dhiaidh ar taispeáint mar chuid den taispeántas freisin.

Tabharfaidh an staraí ó SAM, Cecelia Hartsell, a bhfuil sainspéis aici i stair Afrai-Mheiriceánach agus stair shóisialta Mheiriceá cainteanna faoi Martin Luther King Óg., Frederick Douglass in Éirinn agus Íobairt Fola: Comhlintí polaitiúla Náisiúnaithe Éireannacha agus Afrai-Mheiriceánacha i rith Thréimhse an Chogaidh Mhóir.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Margaret Geraghty, Stiúrthóir Seirbhísí : “Cúis áthais dom go bhfuiltear ag leanúint leis an gclár iontach seo i mbliana ainneoin go bhfuil an leagan amach beagán éagsúil i gcomparáid leis na blianta roimhe seo.  Bliain an-speisialta d’Fhine Gall í seo, ó tharla comóradh a bheith á dhéanamh ar Chreach Bhaile Brigín ar a bhfuil béim ar leith á leagan i mbliana, agus mholfainn don oiread daoine agus is féidir breathnú ar na cainteanna seo ar ardáin éagsúla meán sóisialta Leabharlanna Fhine Gall.”

Is féidir an clár a íoslódáil anseo Féile Staire Fhine Gall

Má theastaíonn tuilleadh eolais faoin bhFéile uait déan teagmháil le:

Marguerite Drake – Teil: 01 8905531 Enda Greene – Teil: 01 8905531

Ríomhphost: - [email protected]

Imeachtaí & Caidreamh Poiblí Leabharlanna Fhine Gall