Dúntar leabharlanna agus ionaid phobail ach tá oifigí na Comhairle ar oscailt go fóill

Dúnfar gach ceann de na 10 leabharlann i bhFine Gall agus an tseirbhís leabharlann taistil anuas ar 15 ionad pobail atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall um thráthnóna go dtí an 29 Márta ar aon dul le riachtanais an Rialtais chun cosc a chur ar scaipeadh an Choróinvíris (COVID-19).

Picture of a postbox in place at Fingal County Council's offices in Swords.

Is iad na leabharlanna a dhúnfar iad siúd i mBaile Brigín, Baile Dhúill, Baile Bhlainséir, Domhnach Bat, Baile Gháire, Binn Éadair, Mullach Íde, an Ros, na Sceirí, Sord agus na ceithre leabharlann taistil.

Is féidir teacht go fóill ar sheirbhísí leictreonacha a sholáthraíonn Leabharlanna Fhine Gall agus tá breis faisnéise ar fáil ag www.fingal.ie/fingallibraries

Is iad na hIonaid Phobail a dhúnfar Fóram Bhaile Dhúill, Ionad Pobail agus Acmhainní Bhaile an Bhlácaigh, Ionad Acmhainní na Coirre Duibhe, Ionad Spóirt na Coirre Duibhe, Ionad Pobail Dhomhnach Bat-Phort Reachrann, Ionad Pobail Phlásóg an Dúin, Ionad Liam Rodgers i bhFine Gall, Ionad Acmhainní Teaghlaigh Radharc an Chnocáin, Ionad Óige agus Pobail Radharc an Chnocáin, Saoráid Phobail Eastát Bheanna Boirche, Ionad Pobail Mhullach Eadrad, Teach Bhaile an Phaslóigh, Saoráid Ilfheidhmeach an Rois, Ionad Pobail Naomh Macullin, An Teachín (‘The Cottage’), Lusca.

Tá teagmháil á déanamh ag Foireann Phobail Chomhairle Contae Fhine Gall le boird saoráidí eile pobail laistigh den chontae le hiad a chur ar an eolas ar an gcinneadh a rinneamar chun dúnadh agus molfaimid go ndéanann siad amhlaidh.

Beidh oifigí poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall i Sord agus i mBaile Bhlainséir ar oscailt go fóill, faoi mar is gnách, ach spreagtar baill den phobal ar mian leo tabhairt faoi ghnó leis an gComhairle amhlaidh a dhéanamh ar an nguthán, ar ríomhphost nó sa phost, seachas bualadh isteach go dtí oifigí poiblí na Comhairle. Is é an uimhir ghutháin 018905000, is é an seoladh ríomhphoist [email protected] , agus is é an seoladh poist Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2. 

I gcás na ndaoine siúd ar mian leo litreacha nó foirmeacha a thabhairt isteach nó eolas breise a fháil d’iarratais, tá bosca curtha ar fáil díreach laistigh den phríomhbhealach isteach chuig oifigí na Comhairle ag Áras an Chontae, Sord agus ar Bhóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir inar féidir leat rudaí a fhágáil ann chun scuainí neamhriachtanacha a sheachaint.

Beidh teacht teoranta ar an bPóna Madraí i mBaile an Ásaigh ó amárach agus moltar go ndéanann an pobal teagmháil leis an bPóna sula dtugtar aon chuairt.

Eiseofar eolas breise de réir mar a bhíonn fáil air.