Déan draíocht de agus bí sábháilte i bhFine Gall an Oíche Shamhna seo

Tá Fine Gall ag ullmhú d’Oíche Shamhna le mí a bheidh lán de spraoi a bheidh oiriúnach do theaghlaigh, agus díriú láidir á leagan ar phleanáil ar aghaidh, ar a bheith san airdeall, agus ar phobail a choinneáil sábháilte nuair a bheifear ag dul amach ar shráideanna Fhine Gall i mí Dheireadh Fómhair i mbliana.
Cé gur cuid ríthábhachtach í siamsaíocht a chur ar fáil do gach cónaitheoir, beag beann ar a n-aois, tá Clár Fhine Gall um Oíche Shamhna Níos Sábháilte ar bun freisin chun gníomhaíochtaí a chur ar fáil do dhaoine óga agus chun sábháilteacht níos fearr a spreagadh le linn imeachtaí na féile. Is tionscnamh é sin de chuid Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall lena dtacaítear le roinnt ionaid phobail áitiúla agus le roinnt grúpaí deonacha, ar lena linn a bheidh roinnt imeachtaí againn a bheidh ar siúl ar fud an chontae. Le himeachtaí amhail seónna draíochta, dioscónna bréigéide agus snoíodóireacht puimcíní, beidh rud éigin diabhalta againn do chách.
Tá ár leabharlanna áitiúla ag cur a gcroí in Oíche Shamhna freisin trí sheisiúin ealaíne agus ceardaíochta scanrúla agus trí scéalta na féile a insint. Ná caill amach – cuir d’áit in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh leis an leabharlann a bheidh ag óstáil an imeachta. Faigh tuilleadh faisnéise anseo.
I mbliana, tá Fine Gall ag feidhmiú go bródúil mar mhol don fheachtas “Éire: Baile Oíche Shamhna”. Le himeachtaí atá coimeádta ag ár bhfoirne Imeachtaí agus Turasóireachta, bí ag súil le seónna iontacha, le conairí scanrúla, agus le scanradh teaghlaigh, a bheidh reáchtáilte go sábháilte agus a bheidh éasca le rochtain. Beidh an draíocht ar siúl ón 3 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair agus, a bhuí le taispeántais iontacha, le heachtraí scanrúla, agus le scleondar sábháilte don teaghlach, tá rud éigin cruthaithe againn do gach duine. Féach cad atá ar siúl: eventsinfingal.ie/home-of-halloween
Agus Oíche Shamhna ag druidim linn, ná déan dearmad ar aird a thabhairt ar ár dtimpeallacht trí mhaisiúcháin a athúsáid agus trí dhul chuig siopaí malartaithe le haghaidh cultacha nó, rud ab fhearr fós, déan do chulaith féin! Agus tú amuigh, tabhair tóirse leat chun an oíche a shoilsiú agus chun fanacht sábháilte. Chun leideanna éiceolaíochta agus comhairle chabhrach sábháilteachta a fháil, tabhair cuairt ar https://www.fingal.ie/safer-halloween
Ba mhaith leis an gComhairle a mheabhrú do chónaitheoirí gur rud atá coiscthe agus in éadan an dlí atá i dtinte cnámh agus i ndramhaíl a dhó. Caitheann Comhairle Contae Fhine Gall suas le €150,000 gach bliain chun damáiste de dheasca tinte cnámh a ghlanadh agus a dheisiú, agus impíonn sí ar dhaoine den phobal teagmhais ina bhfuil ábhair á mbailiú a thuairisciú trí fhoireann Cúram Custaiméirí na Comhairle ach glao a chur ar 01 890 5000 nó ríomhphost a sheoladh chuig:
- Oibríochtaí Bhaile Brigín/Shoird: <span lang="ga">[email protected]</span>
- Oibríochtaí Mhullach Íde/Bhinn Éadair:
Oibríochtaí Chaisleán Cnucha/Mhullach Eadrad:[email protected]</span>
Chun cabhrú le tinte cnámh mídhleathacha a chosc, beidh Maithiúnas Oíche Shamhna ar siúl ón Déardaoin an 23 Deireadh Fómhair go dtí an Aoine an 31 Deireadh Fómhair. Le linn na tréimhse sin, glacfar le hábhair inadhainte tí (leapacha, toilg, doirse adhmaid, etc.) saor in aisce ag Ionad Athchúrsála an Inbhir (Sord) agus ag Ionad Athchúrsála Chúil Mhín do chónaitheoirí Fhine Gall. Beidh cruthúnas seolta ag teastáil, agus beidh táillí caighdeánacha i bhfeidhm fós maidir le hábhair dhodhóite.
Agus, i gcás éigeandála, ná déan dearmad ar ghlao a chur ar 999 nó 112 don Bhriogáid Dóiteáin láithreach.
