Cúirteanna Búlaí/Petanque oscailte i bPáirc Alden, Cill Fhionntain

D’oscail Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien Cúirteanna Búlaí/Petanque Pháirc Alden go hoifigiúil Dé Luain, an 17 Feabhra.  Cuirfidh na cúirteanna go mór leis an bPáirc agus cabhróidh siad le freastal ar riachtanais chaitheamh aimsire an daonra níos sine ar aon dul le Straitéis Aoisbhá 2018-2023 na Comhairle.

Boules Court Alden Park

D’oscail Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien Cúirteanna Búlaí/Petanque Pháirc Alden go hoifigiúil Dé Luain, an 17 Feabhra.  Cuirfidh na cúirteanna go mór leis an bPáirc agus cabhróidh siad le freastal ar riachtanais chaitheamh aimsire an daonra níos sine ar aon dul le Straitéis Aoisbhá 2018-2023 na Comhairle.  D’fhreastail Stiúrthóir Oibríochtaí Fhine Gall, David Storey, an Teachta Dála Cian O’Callaghan, baill d’Aoisbhá Fhine Gall agus imreoirí díograiseacha búlaí ar an oscailt, a bhain triail as na cúirteanna, chomh maith leis an Méara, ar an lá. 

Rinne Comhairle Contae Fhine Gall na cúirteanna a thógáil mar chuid dá dtiomantas leanúnach chun saoráidí ardchaighdeáin caitheamh aimsire a sholáthar do gach aoisghrúpa.  Rinne an cónaitheoir áitiúil agus an t-imreoir díocasach búlaí, Tom Donnellan, teagmháil i dtosach leis an Teachta Dála Cian O’Callaghan agus togra á mholadh aige do chúirt bhúlaí i limistéar sa pháirc nach mbaintear dóthain úsáide as.  Ball é Tom de chumann búlaí a imríonn faoi láthair i bPáirc Búlaí Naomh Anna agus rith sé leis go raibh gá ann na cúirteanna a bheith bunaithe níos gaire dá bhaile mar gheall go raibh ar go leor cónaitheoirí i bhFine Gall taisteal go dtí Páirc Naomh Anna chun an cluiche a imirt. 

Níl costas ar an tsaoráid a úsáid agus reáchtálfar é ar bhonn tar i láthair agus imir.  Tá an cluiche ar cheann de na gníomhaíochtaí is ionchuimsithí atá ar fáil inar féidir le daoine ar gach aois, inscne, cumas agus aclaíocht an pháirt chéanna a ghlacadh ann le chéile. Tá treoracha chun búlaí agus petanque a shúgradh ar fáil ar chlár fógraí deas adhmaid atá ar an láthair.  Cuireann na cúirteanna go mór leis na saoráidí fóillíochta sa cheantar agus cuireann siad bealach eile ar fáil do chónaitheoirí chun leanúint de bheith gníomhach. 

Tá Comhaontas Aoisbhá Fhine Gall tiomanta, trína Straitéis Aoisbhá 2018-2023, do chur chuige comhoibritheach ilearnála a chur chun cinn a thacaíonn le hidirghabháil a chabhróidh go mór le feabhas a chur ar chaighdeán beatha an daonra reatha daoine breacaosta i bhFine Gall agus na glúine amach anseo. 

Ag labhairt ag an oscailt, dúirt Méara Fhine Gall, An Comh. Eoghan O'Brien “Tá gliondar croí orm an Chúirt Bhúlaí/Petangue seo a oscailt agus a thabhairt faoi deara go mbeidh an-tóir air i measc daoine áitiúla anseo i gCill Fhionntain agus díograiseoirí ó cheantair eile i bhFine Gall.”   

Boules Court Alden Park
Boules Court Alden Park
Boules Court Alden Park