Cuid 8, 36 áitreabh agus an obair scartála lena mbaineann, Bóthar Bhaile na Mara, Sord

Scartáil beartaithe ar 12 áitreabh reatha, agus forbairt 36 áitreabh nua agus oibreacha suímh lena mbaineann ar dhá shuíomh ag Bóthar Bhaile na Mara, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath

Seatown Swords part 8 Elevation View

De réir Chuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) agus de réir Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), tugann Comhairle Contae Fhine Gall fógra leis seo faoi na hoibreacha beartaithe atá le déanamh ar na suíomhanna thuas lena n-áirítear:

 

12 áitreabh reatha san iomlán leathscoite 2 stór ar Shuíomh 1 (6 cinn) agus ar Shuíomh 2 (6 cinn) a scartáil agus tógáil beartaithe dhá fhoirgneamh árasán 4-stór (36 aonad san iomlán), oibreacha tírdhreachtaithe don dá shuíomh lena n-áirítear ballaí teorann, córas inbhuanaithe draenála (SUDS), agus gach obair suímh lena mbaineann. Áirítear ar Shuíomh 1, 20 árasán 2 leaba (4 dhuine) trasna 4 urlár le staighre/ardaitheoir agus cosán seachtrach, tírdhreachtú crua agus bog, 10 spás páirceála gluaisteán, stór comhchoiteann an bhruscair, áit stórála sábháilte na rothar agus spás oscailte comhchoiteann. Áirítear ar shuíomh 2, 8 n-árasán 2 leaba (4 dhuine) agus 8 n-árasán 2 leaba (3 dhuine) trasna 4 urlár le staighre/ardaitheoir agus cosán seachtrach, tírdhreachtú crua agus bog, 8 spás páirceála gluaisteán, stór boscaí bruscair, áit stórála sábháilte na rothar agus spás oscailte comhchoiteann.

Fógra suímh a íoslódáil

Líníocht ailtireachta an tsuímh a íoslódáil

Líníocht ailtireachta an leagan amach a íoslódáil

An Ingearchló beartaithe a íoslódáil

Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh ón Déardaoin an 22 Nollaig 2022 agus ní mór á bhfáil roimh 11:59in Dé Máirt an 14 Feabhra 2023.

Is féidir na sonraí iomlána a fheiceáil agus aighneacht a dhéanamh ag: https://consult.fingal.ie/en/consultation/part-8-planning-and-developme