Críochnaíonn an grúpa is déanaí mic léinn Cúrsa Peile agus Corpacmhainne na hIdirbhliana

Belguy Manzambi, Kevin Zeffi, Justin Ferizoj and Sean Molloy pictured with their Certificates after graduating from Football and Fitness Course run by Fingal County Council and the Football Association of Ireland in Corduff Sports Centre.

Chríochnaigh an grúpa is déanaí de mhic léinn ó chúrsa Peile agus Corpacmhainne na hIdirbhliana, a dhéanann Comhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Peile na hÉireann a chur ar siúl le chéile in Ionad Spóirt na Coirre Duibhe

 

Ó cuireadh tús leis in 2016, lean roinnt de alumni an chúrsa ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh dá dtír ag aoisghrúpaí éagsúla a shine le faoi 21 bliain ag imirt ar son Phoblacht na hÉireann anuas ar roinnt imreoirí a bhfuil ag éirí go geal leo i gcumainn Shraithchomórtas na hÉireann, Príomhshraithchomórtas FA agus cumainn Chraobhchomórtais.

 

Bhí Andrew Omobamidele, a chríochnaigh an dara cúrsa in 2018, ina bhall d’fhoireann Chathair Norwich a bhuaigh Craobhchomórtas Sraithe Shasana agus a cuireadh ar aghaidh go dtí Príomh-Shraithchomórtas FA. Dá bharr sin, d’iarr bainisteoir fhoireann na hÉireann, Stephen Kenny, ar fhreastal ar champa samhraidh na hÉireann sa Spáinn agus b’ionadaí é nár úsáideadh sa chluiche cairdeachais in aghaidh na hUngáire Dé Máirt seo caite.

 

Cé go bhfuil an cúrsa ag feitheamh go fóill go gcríochnóidh an chéad duine é, tá sé críochnaithe ag 31 duine a d’imir ar son na hÉireann ar leibhéal faoi aois agus tá a gcéad chluiche imeartha ag 12 dhuine díobh i ndiaidh rollú. D’imir 21 duine a chríochnaigh an cúrsa i Sraithchomórtas na hÉireann cheana féin agus d’imir 76 duine díobh sna Sraithchomórtais Náisiúnta faoi Aois agus bhain 10 nduine eile conarthaí gairmiúla amach lasmuigh d’Éirinn.

 

I measc na 25 duine a chríochnaigh i mbliana, tá Kevin Zefi, arb imreoir faoi 17 mbliana d’aois é le Poblacht na hÉireann agus atá le tosú ag imirt leis an sárchumann Iodálach, Inter Milano, i ndiaidh dó imirt le Shamrock Rovers, an samhradh seo.

 

Aistríonn an cúrsa, a gcuireann an iomarca daoine isteach air i gcónaí, scoláirí Idirbhliana óna Meánscoil féin chun páirt a ghlacadh i gclár ina bhfuil meascán dá n-ábhair acadúla agus cúrsaí Oideachais FAI anuas ar mhodúil i dTeagasc Corpacmhainne ITEC, Cothú, Anailís ar Chluichí agus Forbairt Phearsanta. Cuirtear traenáil lánaimseartha peile agus obair neartaithe agus aclaithe ar fáil dóibh freisin.

 

Gné ar leith den Chúrsa is ea go bhfillfidh scoláirí ar a scoileanna áitiúla lá amháin sa tseachtain chun oibriú le múinteoirí chun corpoideachas agus taithí oibre luachmhar a sholáthar, agus tionchar á imirt freisin ar fhorbairt spóirt a dhéanamh ar bhreis agus 1,500 scoláire bunscoile gach seachtain anuas ar bheith páirteach i gclár eile scoile agus phobail.

 

“Is é cuspóir an chúrsa cabhrú le forbairt phearsanta na rannpháirtithe agus a thaispeáint dóibh conas cothromaíocht a bhaint amach idir éilimh an spóirt agus an oideachais ag tráth cinniúnach ina saol óg,” a deir Comhordaitheoir an Chúrsa Denis Hyland.

 

“Ceadaíonn an cúrsa do Scoláirí na hIdirbhliana chun cónaí i dtimpeallacht cheart spóirt ar feadh bliana agus freastal ar a riachtanais oideachais, chomh maith. Tá aois bainte amach acu nuair a théann roinnt imreoirí óga thar lear chun bheith mar bhall de chumainn pheile ghairmiúla agus ceadaíonn an clár seo dóibh chun teacht i dtír ar na tairbhí céanna peile agus fanacht sa bhaile laistigh dá dteaghlaigh agus rud éigin a aischur ina bpobail áitiúla.”

 

Bhronn Leas-Mhéara Fhine Gall, an Comh. Robert O’Donoghue Deimhnithe Críochnaithe Cúrsa ar na 25 scoláire ag searmanas speisialta ar an bpáirc uile-aimsire ag Ionad Spóirt na Coirre Duibhe agus dúirt sé: “Cúrsa ar leith agus nuálach é seo agus is é an t-aon cheann dá chineál in Éirinn. Chuir sé an deis ar fáil do pheileadóirí ó áiteanna ar fud an chontae chun taithí a fháil ar thimpeallacht pheile agus leanúint lena n-oideachas agus rud éigin a thabhairt ar ais freisin dá bpobail faoi seach. Is cinnte go spreagfaidh an rath a bhí ar roinnt de na daoine a chríochnaigh an cúrsa cheana féin iad siúd a leanann iad.”

 

Dúirt Príomhoifigeach Spóirt Gníomhach Chomhairle Contae Fhine Gall, Niall McGuirk: “Tá forbairt ag teacht ar an gcúrsa agus, nuair is praiticiúil, déantar feabhsúcháin chun feabhas a chur ar eispéireas úsáideoirí. Léiríonn an t-éileamh a bhíonn gach bliain ar áiteanna ar an gcúrsa an tionchar dearfach atá á imirt aige. Tá an Chomhairle agus an FAI an-bhuíoch den chúnamh a fuaireamar le himeacht na mblianta ó Empower agus scoileanna féin na rannpháirtithe.”

 

Dúirt Bainisteoir Fhoireann Phoblacht na hÉireann faoi 21, Jim Crawford: “Creidim gur tionscnamh iontach é an cúrsa seo, a thugann an deis d’imreoirí óga taithí a fháil ar thimpeallacht pheile lánaimseartha. Ní hamháin go ndéanann siad traenáil ar an bpáirc chun a gcinnteoireacht agus a gcur i gcrích i gcásanna éagsúla a fhorbairt ar bhonn laethúil, ach go mbaineann siad suaitheantais chóitseála amach agus go dtugann siad faoi anailís ar chluichí agus faoi chláir neartaithe agus aclaithe freisin. Cuireann cóitseálaithe ardoilte agus an-taithíocha an treoir ar fáil do na himreoirí seo, a dhíríonn go príomha ar fhorbairt imreoirí sa chúrsa iontach seo. Má bhíonn ar intinn ag aon duine bheith ina bpeileadóir gairmiúil, seo an chéim sa treo ceart. Dá dtabharfaí ní ba mhó de na cúrsaí seo amach ar fud na tíre, is cinnte go n-ardódh sé caighdeán imeartha go leor de na daoine 15 agus 16 bliana d’aois inár gcluiche.”

 

 

The class of 2020-21 from the Transition Year Football and Fitness Course run by Fingal County Council and the Football Association of Ireland in Corduff Sports Centre.