Comórann Oifig Spóirt Fhine Gall Seachtain na mBan sa Spórt le Lá Ilspóirt agus Gníomhaíochta ‘A Gluaiseachtaí – Aclaigh: Fuinnmhigh’ i mBaile an Aba
Ghlac breis agus 300 cailín sna déaga ó mheánscoileanna agus ó phobalscoileanna ar fud Fhine Gall páirt sa Lá Ilspóirt agus Gníomhaíochta bliantúil ‘A Gluaiseachtaí – Aclaigh: Fuinnmhigh’ sa Láthair Náisiúnta faoi Dhíon, Baile an Aba. Ba chuid de Sheachtain na mBan sa Spórt 2026 an ócáid.
Leis an imeacht, tugadh rannpháirtithe sa chlár ‘Aclaigh: Fuinnmhigh’ um Mná sa Spórt de chuid Oifig Spóirt Fhine Gall le chéile le haghaidh lá iomlán a bhí lán de spórt, de spraoi agus de ghníomhaíocht fhisiciúil. Tá an clár ar an bhfód le 14 bliana anuas anois, agus leanann sé de chonair riachtanach a sholáthar do chailíní neamhghníomhacha chun muinín a thógáil, chun leibhéil gníomhaíochta fisiciúla a mhéadú, agus chun rochtain a fháil ar dheiseanna nua spóirt.
Chláraigh dhá scoil déag sa chlár don bhliain acadúil 2025–2026, agus daltaí ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí éagsúla ag am lóin agus i ndiaidh na scoile. Ina measc sin bhí seisiúin gárthóireachta molta, seisiúin féinchosanta agus seisiúin ghiomnáisiambhunaithe. Rud tábhachtach, is iad na cailíní féin a roghnaíonn na gníomhaíochtaí go léir, rud a chinntíonn go mbíonn an clár faoi stiúir na rannpháirtithe agus go mbíonn sé tarraingteach.
Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt an Comh. Tom Kitt, Cathaoirleach Chomhpháirtíocht Spóirt Fhine Gall: “Is údar spreagtha é a fheiceáil go bhfuil an oiread sin ban óg ag glacadh páirt ann ar bhealach chomh díograiseach sin. Léirigh an fuinneamh agus an mhuinín a bhí le feiceáil i mBaile an Aba an fíorthionchar a bhíonn ag cláir a éisteann le cailíní, a thacaíonn lena roghanna, agus a chabhraíonn leo áthas a bhaint as a bheith gníomhach. Tá Comhpháirtíocht Spóirt Fhine Gall bródúil as tionscnaimh a chur chun cinn lena gcruthaítear deiseanna, lena dtógtar spiorad pobail, agus lena spreagtar rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil sa spórt do gach bean óg ar fud Fhine Gall.”
Thug dhá cheann déag de Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta tacaíocht d’imeacht na bliana seo. Thug oifigigh forbartha na gcomhlachtaí sin cóitseáil shaineolach agus seisiúin “tar agus bain triail as” ar fáil i raon leathan spórt, lenar áiríodh rugbaí, cruicéad, haca, peil, cispheil, lúthchleasaíocht, leadóg bhoird, rámhaíocht, eitpheil, Ultimate Frisbee, agus leadóg. Den chéad uair riamh, bhí deis ag na rannpháirtithe triail a bhaint as pionsóireacht, rud a raibh an-tóir air.
Leag Caitríona Geraghty, Oifigeach Forbartha Spóirt Fhine Gall, béim ar an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbíonn bealaí fáilteacha inrochtana ag cailíní isteach sa spórt. Dúirt sí:
“Tá Oifig Spóirt Fhine Gall tiomanta dá chinntiú go mbíonn eispéiris dhearfacha ag mná óga sa spórt. Soláthraíonn imeacht an lae inniu spraoi, éagsúlacht agus timpeallacht fháilteach inar féidir le gach cailín gníomhaíocht a thaitníonn léi a aimsiú.”
Tá Lá Ilspóirt agus Gníomhaíochta ‘A Gluaiseachtaí: Aclaigh: Fuinnmhigh’ ina léiriú fós ar thiomantas Fhine Gall don ionchuimsiú, do rannpháirtíocht an phobail, agus do rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil i ngníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn do mhná óga.
Tuilleadh faisnéise – Caitríona Geraghty, Oifigeach Forbartha Spóirt.