Comhairle agus faisnéis dúnta maidir leis an Rabhadh Báistí Stádais Oráiste

Dúnta mar gheall ar rabhadh Báistí Stádais Oráiste a bheith i bhfeidhm Dé hAoine an 14 Samhain agus Dé Sathairn an 15 Samhain – beidh gach páirc agus ionad athchúrsála dúnta ó 2 p.m. Dé hAoine - oscailte mar is gnáth Dé Sathairn agus ní bheifear in ann imirt ar aon pháirceanna imeartha

Weather warning November 25 Gaeilge

D’eisigh Met Éireann na foláirimh seo a leanas maidir le Gaoth agus Báisteach i mBaile Átha Cliath

Rabhadh Báistí Stádais Oráiste 

Bailí: 12:00 Dé hAoine an 14/11/2025 go dtí 08:00 Dé Sathairn an 15/11/2025 - 
Carnadh suntasach báistí, go háirithe ar thalamh ard agus i limistéir sceirdiúla.
Tionchair: • Tuilte suntasacha féideartha • Dálaí guaiseacha taistil • Tuilte 
               • Dálaí deacra taistil • Drochléargas

Rabhadh Gaoithe Stádais Bhuí do Bhaile Átha Cliath

Bailí: 12:00 Dé hAoine an 14/11/2025 go dtí 04:00 Dé Sathairn an 15/11/2025
Gaotha láidre agus scuabacha anoir aduaidh.
Tionchair fhéideartha: • Dálaí deacra taistil • Smionagar a bhaineann leis an ngaoth
Féach https://www.met.ie/ agus lean leathanaigh Met Éireann ar na meáin shóisialta le haghaidh an eolais is deireanaí a fháil

orange warning

Dúnadh Páirceanna, Ionad Athchúrsála agus Páirceanna Imeartha

•    Beidh Ionad an Inbhir agus Ionad Chúil Mhín dúnta ó 2 p.m. Dé hAoine  - oscailte mar is gnáth Dé Sathairn
•    Beidh na páirceanna réigiúnacha uile agus na páirceanna áitiúla uile dúnta ó 2 p.m. Dé hAoine - oscailte mar is gnáth Dé Sathairn
•    Beidh na páirceanna imeartha uile dúnta Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh mar nach mbeifear in ann imirt orthu
•    Tá Rití Páirce Dé Sathairn le cur ar ceal

Comhairle Sábháilteachta

Tá na príomhtheachtaireachtaí sábháilteachta poiblí seo a leanas ag Comhairle Contae Fhine Gall don phobal:
• Coinnígí súil ar réamhaisnéisí Met Éireann chun an t-eolas is deireanaí faoin aimsir a fháil, go háirithe le haghaidh dálaí áitiúla
• Ná tiomáinigí choíche trí bhóithre faoi thuilte mar go bhfuil seans ann nach léir doimhneacht an uisce
• Ba cheart do thiománaithe moilliú i mbáisteach throm, mar gur féidir leis an léargas a bheith ina fhadhb. Bígí ar an eolas freisin go bhféadfadh faid choscánaithe a bheith níos faide mar gheall ar aon charnadh uisce dromchla.

Chun Cabhrú le Tuilte a Chosc

Chun cabhrú le tuilte áitiúla a chosc ar ár mbóithre agus go háirithe ar na bóithre tuaithe, iarrann Comhairle Contae Fhine Gall cúnamh ó úinéirí talún agus ó theaghlaigh chun tuilte óna maoin a chosc agus a mhaolú, trína chinntiú nach gcuirtear bac ar uisce draenáil ar thalamh ó bhóthar poiblí.