Cláraigh le haghaidh Tochailt Dhroim Meánach: Séasúr 5
Beidh séasúr 5 den tochailt phobail Tochailt Dhroim Meánach ar siúl an 14 - 28 Bealtaine 2025.

Ag tógáil ar rath shéasúr tochailte phobail roimhe seo ag Dún Ceann Tíre Dhroim Meánach, tá Oifigeach Oidhreachta agus Seandálaí Fhine Gall, Christine Baker, ag reáchtáil an 5ú séasúr de thochailt ag Droim Meánach, Loch Sionnach, i dteannta foireann seandálaithe gairmiúla agus oibrithe deonacha ón bpobal áitiúil agus níos faide i gcéin.
Beidh séasúr 5 den tochailt phobail Tochailt Dhroim Meánach ar siúl an 14 - 28 Bealtaine 2025. Más mian leat a bheith páirteach nó más mian leat léamh faoin obair go dtí seo, téigh chuig https://www.fingal.ie/digging-drumanagh nó déan teagmháil le hOifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall ag [email protected]
Nochtadh fianaise don Iarannaois i rith séasúr tochailte roimhe seo, lena n-áirítear teagmháil leis an domhan Rómhánach ón 1ú-3ú haois AD. Anseo i nDroim Meánach, tá fianaise fhairsing againn de thrádáil agus earraí ón Spáinn, ón nGall agus ón mBreatain aimsithe. Tá fianaise againn freisin maidir le ceardaíocht agus táirgeadh teicstíle agus caitheamh bia, lena n-áirítear ár bhfíge! Le linn shéasúr 2025, beimid ag scrúdú buaicphointe an tírdhreacha agus ag cur le torthaí na séasúr roimhe seo.
Tá an tochailt tacaithe ag an gComhairle Oidhreachta agus táthar ag súil le go dtabharfaidh daoine cuairt air i rith na coicíse, ach cuimhnigh go gcaithfidh daoine a bheith os cionn 18 mbliana d'aois chun páirt a ghlacadh sa tochailt féin.
