An chéad fhód iompaithe ar Scéim Tithíochta Inacmhainne Chomhairle Contae Fhine Gall ag Dún Eimhire, Lusca

Thóg Scéim Tithíochta Inacmhainne Chomhairle Contae Fhine Gall céim mhór chun tosaigh inniu nuair a d’iompaigh Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy;  Leas-Mhéara Fhine Gall, An Comhairleoir Robert O’Donoghue; agus An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD an chéad fhód ar an láithreán tógála.

Dun Emer Sod Turning 1

Bhí Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, agus Príomhfheidhmeannach Ó Cualann Cohousing Alliance, Hugh Brennan, i láthair freisin ag an searmanas a léiríonn an chéad chéim eile den tionscadal 51 tithe.

Tosóidh tógáil 39 teach inacmhainne agus 12 teach sóisialta i gceann cúpla seachtain nuair a bheidh oibreacha láithreáin críochnaithe agus táthar ag glacadh le hiarratais ar an Scéim Ceannaigh Tithe Inacmhainne Dhún Eimhire trí thairseach ar líne suas go dtí 5in ar 31 Bealtaine.

Tosóidh praghsanna ó €166,000 d’árásáin le dhá sheomra leapa; ó €206,000 d’árásáin dhá urlár le trí sheomra leapa; ó €250,000 do thithe sraithe le trí sheomra leapa; agus ó €258,000 do na tithe leathscoite le trí sheomra leapa.

D’oscail an Tairseach Iarratais ar 4 Bealtaine agus tá sruth leanúnach iarratas ar na tithe inacmhainne. Beidh an próiseas leithdháilte bunaithe ar an Scéim Tosaíochta agus próiseálfar gach iarratas ar bhonn a incháilitheachta.  

Is féidir iarratais a dhéanamh ar an Scéim Ceannaigh Tithe Inacmhainne Dhún Eimhire trí https://affordablehousing.fingal.ie agus tá físeán míniúcháin a leagann amach an próiseas iarratais ar fáil ag http://www.fingal.ie/affordablehousing 

Dun Emer Sod Turning 2

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Is gné thábhachtach í tithíocht inacmhainne in iarrachtaí Fhine Gall chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta agus a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais tithíochta ár bpobal. Léiríonn na figiúirí iarratais go soiléir go bhfuil éileamh ar thithíocht inacmhainne.”

Dúirt An tAire Darragh O’Brien: “Ba mhaith liom Comhairle Contae Fhine Gall a mholadh as an tionscadal seo, a bheidh ar an gcéad scéim ceannaigh tithíochta inacmhainne sa chontae le 11 bliana, a thabhairt chun críche. Tá siad ag leanúint ar aghaidh lena bpleananna freisin chun níos mó tithíochta inacmhainne a fhorbairt ar fud Thuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath le tacaíocht ó mo Roinn.

“Níl sa Chiste Láithreán Seirbhísithe ach ceann amháin de roinnt beart inacmhainneachta a sholáthraíonn mo Roinn chun tithe a dhéanamh níos inacmhainne. Táimid ag dul ar aghaidh ag an am céanna leis an mBille um Thithíocht Inacmhainne agus An Bille fán nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún agus beidh tithe níos inacmhainne mar thoradh ar an mbeirt acu. Is iad scéimeanna mar an gceann seo anseo i nDún Eimhir díreach an rud ba mhaith linn a fheiceáil ar fud na tíre, ag seachadadh meascán de thithe, tógtha go caighdeán an-ard, ar phraghsanna inacmhainne,” a dúirt An tAire O’Brien.

Dúirt Leas-Mhéara Fhine Gall, An Comhairleoir Robert O’Donoghue, atá ina Chathaoirleach freisin ar an gCoiste um Beartas Straitéiseach Tithíochta: “Cuireann an scéim le haidhm Chomhairle Contae Fhine Gall pobail a chruthú agus a chothú le meascán sláintiúil de thionacht agus de chineálacha tithe a thugann deis réalaíoch do dhaoine a dteach féin a bheith acu.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is é Dún Eimhir an chéad cheann de roinnt tionscadal tithíochta sóisialta agus inacmhainne a bhfuilimid ag obair air agus táimid ag tnúth lenár bpleananna a chur chun cinn do Pháirceanna na hEaglaise i mBaile Átha Cliath 15, i gCeapach i mBaile Átha Cliath 11, i mBaile Hae, An Ros, Baile Mastún i nDomhnach Bat, agus Baile an Haicéadaigh sna Sceirí áit a bhfuilimid ag obair leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún.”

Dúirt Hugh Brennan, POF Ó Cualann Cohousing Alliance: “Fáiltíonn Ó Cualann Cohousing Alliance roimh an deis oibriú le Comhairle Contae Fhine Gall ar an scéim thábhachtach seo agus tuigimid go maith na dúshláin a bhaineann le 39 teach inacmhainne agus 12 teach sóisialta den chéad scoth a sholáthar do mhuintir Fhine Gall le linn na paindéime. Táimid muiníneach, le tacaíocht leanúnach ó Chomhairle Contae Fhine Gall agus na páirtithe leasmhara ar fad go ndéanfaimid amhlaidh, agus, faoi cheann dhá bhliain, go mbeidh pobal rathúil i nDún Eimhir, Lusca, Contae Bhaile Átha Cliath.”