Cártaí Cineálta Nollag Fhine Gall – Ag Coinneáil Cónaitheoirí Thithe Altranais Nasctha

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuarthas os cionn 1700 Cárta Nollag lámhdhéanta trí Fheachtas Cártaí Cineálta Fhine Gall.

Tionscnamh de chuid Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall, thug an feachtas cuireadh do dhaoine óga ar fud Fhine Gall Cártaí Nollag lámhdhéanta a dhéanamh agus beannachtaí a sheoladh chuig cónaitheoirí thithe altranais ar fud an Chontae.

I gcomhar le hAoisbhá Fhine Gall, tá na Cártaí Nollag lámhdhéanta á seachadadh faoi láthair chuig na 12 Theach Altranais Rannpháirteacha agus dhá sheirbhís Béilí ar Rothaí.

Ag labhairt dó faoin bhfeachtas, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Is slí iontach í an feachtas seo do dhaoine óga Fhine Gall nasc a dhéanamh le seanóirí agus cothaíonn sé fíorspiorad an phobail agus muid ag druidim leis an Nollaig seo a bheidh an-difriúil dúinn go léir.”

Dúirt Bainisteoir Chlár Aoisbháúil Fhine Gall, Louise Edmonds: “Thug an tionscadal deis cabhrú le seanóirí a d’fhéadfadh a bheith scoite amach mar gheall ar COVID-19 mothú nasctha le daoine eile, agus ag an am céanna ag ligean do dhaoine óga cabhrú le daoine eile roimh an Nollaig.”

Dúirt Sinead Wiley, Oifigeach Sinsearach Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall faoi gheasa ag an bhfeagra a fuarthas ó theaghlaigh aonair agus ó leanaí scoileanna áitiúla, réamhscoileanna, creiseanna agus treoraithe cailíní.”

Ghabh sí buíochas freisin le gach duine a ghlac páirt ann agus d’aithin sí an ról a bhí ag Ionaid Phobail Fhine Gall maidir le cártaí a spreagadh agus a bhailiú ar fud an chontae.