Beidh imeacht saor in aisce don phobal ar siúl i nDomhnach Bat sula n-osclófar an Bóthar Dáileacháin

Rock the Road Donabate

Beidh an t-imeacht "Rock the Road" ar siúl Dé Sathairn, 23 Feabhra ag 11 a.m. agus bainfidh muintir na háite tairbhe as imeacht saor ó fheithiclí 4km ar fad ar an mbóthar nua atá le hoscailt ag deireadh na míosa.

Tugtar cuireadh do ghrúpaí pobail agus muintir na háite teacht chuig an imeacht oiriúnach do theaghlaigh seo, agus gheobhaidh an chéad 1,000 rannpháirtí buidéal uisce in-athúsáidte comórtha saor in aisce. Beidh péinteáil aghaidhe, ceol agus rince ann a dhéanfaidh siamsaíocht do gach duine fad a bhaineann siad tairbhe as an gcéad amharc ar an mbóthar nua a bhfuil radhairc lánléargais ar fáil uaidh. 

Tá sé deimhnithe cheana féin go nglacfaidh baill de Chlub Spóirt agus Lúthchleasaíochta Reachrann, atá lonnaithe ar an leithinis, páirt sa lá lán spraoi sin.

Beidh páirceáil saor in aisce ar fáil ag Teach Dhroichead Nua. Iarrtar ar rannpháirtithe cruinniú le chéile os comhair Kilcrea Gate sula dtéann siad síos an bóthar.

Rock the Road Update

Dúirt Méara Fhine Gall an Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Tá an chuma air go mbeidh an t-imeacht "Rock the Road" ina imeacht iontach pobail, agus tá súil agam go dtiocfaidh an líon is mó is féidir de mhuintir na háite chuig an imeacht chun páirt a ghlacadh sa spraoi."

Dúirt Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: "Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le muintir Dhomhnach Bat agus Port Reachrann as a gcuid foighne le linn an Bóthar Dáileacháin a thógáil. Táimid ag iarraidh ár mbuíochas a ghlacadh le muintir na háite leis an imeacht "Rock the Road", agus spreagaim iad teacht agus sult a bhaint as an imeacht."

Ba é Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat an chéad tionscadal LIHAF faoin gclár Atógáil Éireann a bhain céim na tógála amach. Mar gheall ar an mbealach, is féidir dul timpeall ar shráidbhaile Dhomhnach Bat. Chomh maith leis sin, cuireann sé trasrian nua ar fáil don líne iarnróid ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste agus tá cosáin agus áiseanna rothaíochta ann chomh maith.

Chomh maith le rochtain níos fearr a chur ar fáil ar Dhomhnach Bat agus Port Reachrann agus brú tráchta sa sráidbhaile a mhaolú, cuirfidh sé feabhas ar rochtain ar an áis nua Seirbhísí Fóiréinseacha Meabhairshláinte Náisiúnta, áis a chríochnófar go luath i bPort Reachrann.

Ní hamháin go dtacófar le os cionn 2,000 teach nua a sholáthar ar bhonn céimnithe, beidh an bóthar nua mar bhonn agus mar thaca ag áiseanna nua oideachais agus fóillíochta sa cheantar, lena n-áirítear campas nua do scoileanna, áiseanna suntasacha spóirt mar chuid de Mhol Fóillíochta Dhomhnach Bat, Glasbhealach an Mhóinéir Leathain a nascann Domhnach Bat le Mullach Íde, agus Páirc Nádúrtha an Chorrbhaile.

Tá Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat ar cheann de thrí thionscadal straitéiseacha arna maoiniú ag LIHAF sa chontae. Is ionann costas measta an tionscadail LIHAF seo agus €14.15 milliún. Faightear €10.61 milliún (75%) den mhaoiniú sin ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus an chuid eile de ó Chomhairle Contae Fhine Gall.

Is é MEIC Ltd. an príomhchonraitheoir. Nuair a bhí an obair ina buaic, fostaíodh 100 duine ar an láthair ag an bpríomhchonraitheoir agus na fochonraitheoirí éagsúla. Cruthaíodh poist eile i soláthraithe agus seirbhísí ar shiúl ón láthair ar fud an tslabhra soláthair.