Bealach Nua Siúil agus Rothaíochta Beartaithe lena Nascfar Cluain Aodha le Baile Bhlainséir

Tá bealach níos sábháilte, níos glaise agus níos nasctha i gcroílár na bpleananna is déanaí atá ag Comhairle Contae Fhine Gall chun feabhas a chur ar an mbonneagar coisithe agus rothaíochta idir Cluain Aodha agus Baile Bhlainséir. 

clonee to blanch

Tá bealach níos sábháilte, níos glaise agus níos nasctha i gcroílár na bpleananna is déanaí atá ag Comhairle Contae Fhine Gall chun feabhas a chur ar an mbonneagar coisithe agus rothaíochta idir Cluain Aodha agus Baile Bhlainséir. Mar thoradh ar na huasghráduithe atá beartaithe, beidh sé níos éasca agus níos taitneamhaí do dhaoine taisteal de shiúl na gcos, de rothar agus de rothaí feadh na conaire, rud a chabhróidh le pobail fanacht gníomhach, agus feabhas á chur ar ghnáth-thurais laethúla.

Leis an scéim, feabhsófar inrochtaineacht do gach duine, beag beann ar a gcumas, agus neartófar naisc leis an mórghréasán iompair phoiblí, rud a fhágfaidh go mbeidh turais fhada níos áisiúla.

Téann an scéim tríd an mBealach Beag, trí Bhaile an Huntaigh agus trí Bhaile an Bhlácaigh, agus í ag tosú ag an R147, ag leanúint Bhóthar an Bhealaigh Bhig, Choill Bhaile an Huntaigh agus Bhealach Bhaile an Huntaigh/Bhealach Bhaile an Bhlácaigh, agus ag críochnú ag timpeallán Bhealach Bhaile an Bhlácaigh/an R121.

Tá an tionscadal ag an réamhchéim deartha faoi láthair, agus tá na nithe seo a leanas i measc na bhfeabhsuithe atá beartaithe:
• Lánaí cosanta rothar nua agus uasghráduithe ar na cosáin atá ann cheana
• Raonta rothar breise ag acomhail agus feadh an R147, an L3025 agus Choill Bhaile an Huntaigh
• Trasrianta síogacha nua agus saoráidí rothaíochta nua ag timpealláin
• Uasghráduithe ar stadanna bus chun ligean do rothaithe dul thart go sábháilte
• Coigeartuithe ar leithead lánaí chun tuilleadh spáis a chur ar fáil do choisithe agus do rothaithe
• Modhnuithe ar acomhail chun sábháilteacht trasnaithe a fheabhsú
• Bearta moillithe tráchta, lena n-áirítear rampaí, chun luas feithiclí a laghdú

Trí aistriú i dtreo taisteal de shiúl na gcos, de rothaí agus de rothar a spreagadh, tá sé mar aidhm leis an tionscadal an spleáchas ar charranna le haghaidh turais ghearra a laghdú, rud a chuirfidh le haercháilíocht fheabhsaithe agus le plódú tráchta laghdaithe. Rachaidh pointí trasnaithe níos sábháilte chun tairbhe go háirithe d’úsáideoirí leochaileacha bóithre, lena n-áirítear daoine scothaosta, leanaí, agus daoine faoi mhíchumas.

Beidh comhairliúchán poiblí ar siúl ón 22 Bealtaine 2026 go dtí an 19 Meitheamh 2026. Tugtar cuireadh do dhaoine den phobal féachaint ar na tograí agus a gcuid aiseolais a chomhroinnt trí thairseach comhairliúcháin Fhine Gall: https://consult.fingal.ie/en/browse

Moltar do gach duine a chónaíonn, a oibríonn, a thaistealaíonn nó a dhéanann gnó feadh an bhealaigh idir Cluain Aodha agus Baile Bhlainséir a dtuairimí a chur in iúl. Trí pháirt a ghlacadh, is féidir leat cabhrú leis an tslí a dtaistealóidh daoine de shiúl na gcos, de rothar agus de rothaí idir Cluain Aodha agus Baile Bhlainséir faoi láthair agus sa todhchaí a mhúnlú.