Iniúchadh na nEilimintí Stairiúla Sráide
Is minic nach dtugtar aird chuí ar ár dtroscán stairiúil sráide. Athsholáthraítear colbhaí aolchloiche, déantar boscaí poist a uasdátú, agus baintear caidéil nuair nach mbíonn siad in úsáid a thuilleadh. Is iad na heilimintí sin a chuireann carachtar lenár sráideanna agus lenár mbóithre agus a léiríonn ár stair shóisialta, áfach.

Le cúnamh ón gComhairle Oidhreachta, choimisiúnaigh Oifig Oidhreachta Fhine Gall Plean Seandálaíochta chun iniúchadh ar eilimintí stairiúla sráide i bhFine Gall a ghabháil de láimh. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal suíomh na n-eilimintí stairiúla sráide a shainaithint, a mhéid a bhaineann leo seo go sonrach:
- Colbhaí stairiúla agus eilimintí gaolmhara cloiche
- Caidéil Stairiúla Uisce
- Boscaí poist
- Clocha míle
- Eile
I láthair na huaire, ní heol dúinn cá mhéad caidéal uisce nó codanna colbha stairiúil atá ann fós i bhFine Gall. Ceann de thorthaí an tionscadail is ea taifead bonnlíne a bhunú ar na heilimintí sin ionas go mbeimid in ann iad a chosaint amach anseo.
Gné thábhachtach eile den tionscadal is ea an taifead ar stair shóisialta ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár mbóithre. An bhfuil aon ghrianghraif agat de na caidéil nó de na boscaí poist ón saol i bhfad ó shin? An bhfuil aon eolas agat ar cholbhaí nó ar dhoirneoga atá imithe as radharc ónár sráideanna? Nó an bhfuil aon chuimhní cinn agat ar chlocha míle? Cuir an méid sin in iúl dúinn trí theagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann ag [email protected]/
Foirm Tuairiscithe um Iniúchadh Eilimintí Stairiúla Fhine Gall
