Spás Freagartha Cruthaithí – Cruthanna agus Struchtúr in Ionad Ealaíon Draíocht

Dáta: 7 Meitheamh 2025 – 30 Lúnasa 2025
Am: 10.00 am – 6.00 pm
Láthair: Draíocht, Baile Bhlainséir

Tá Cruthanna agus Struchtúir – Spás Freagartha Cruthaithí oscailte do shúgradh féinstiúrtha duitse agus do do leanbh. Is deis í tabhairt faoi shúgradh comhroinnte oscailte agus faoi chruthaitheacht chomhroinnte oscailte. Spás ina spreagtar leanaí agus a n-aosaigh chun ábhair éagsúla a fhiosrú.
Tá ár Spás Freagartha Cruthaithí – Cruthanna agus Struchtúir deartha ag Sarah Wood, ealaíontóir, agus tá sé ina thimpeallacht shuaimhneach a chabhróidh leatsa agus le do leanbh tuilleadh fiosraithe a dhéanamh agus tuilleadh páirte a ghlacadh i súgradh cruthaitheach go neamhspleách agus i gcomhar le healaíontóir. 
Fuair Sarah Ward spreagadh ó Thaispeántas Gailearaí Urlár na Talún de chuid Draíocht dar teideal ‘Navigating Space’ le Maria Atanacković, ar féidir leat taitneamh a bhaint as a saothair ildaite ar pháipéar, ar adhmad agus ar línéadach roimh do chuairt ar an Spás Freagartha agus dá héis.
Sa spás seo, is féidir leatsa agus le do bhaill teaghlaigh ábhair éagsúla a fhiosrú, lena n-áirítear fabraicí, cairtchlár, páipéar agus adhmad, agus próisis éagsúla a fhiosrú, lena n-áirítear líníocht, déanamh agus cóiriú. 

Shapes and Structures creative space