Raddison Blu Hotel

Radisson Blu

Tá an Óstán Radisson BLU Aerfort Bhaile Átha Cliath suite i gCoimpléasc Aerfort Bhaile Átha Cliath, a bhfuil 4 réalta aige ina bhféadfaidh siúl chuig na foirgnimh chríochfoirt, tá busanna tointeála ar fáil 24 uair an chloig saor in aisce ag an Óstan, idir an t-aerfort agus an mhaoin. Níl sé ach 12 nóiméad ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, trí Thollán an Chalafoirt. Tá aerchóiriú sna seomraí leapa agus sna svíteanna chomh maith le tochta King Koil. Cuirtear áiseanna tae/caife agus earraí níocháin saor in aisce ar fáil, chomh maith le triomadóir gruaige . Cuirtear WiFi saor in aisce, bricfeasta saor in aisce de stíl Sciob-agus Rith agus seiceáil isteach/amach gasta saor in aisce ar fáil freisin. Is féidir le haíonna rochtain saor in aisce a fháil ar Chlub Fóillíochta & Linn Snámha ALSAA, ina bhfuil giomnáisiam iomlán, rianta reatha laistigh agus lasmuigh ann. Tá forsheomra nua-aimseartha ag Óstán Radisson BLU Aerfort Bhaile Átha Cliath le monatóirí ar a thaispeántar faisnéis bheo ón aerfort maidir le heitiltí isteach/amach. Soláthraíonn an t-óstán rátaí laghdaithe do chónaitheoirí i bpáirceáil shlán ar an láthair.