Páirc Réigiúnach Ghleann an Bharda

Ward River Valley park Swords Exercise Equipment

Is páirc líneach í Páirc Réigiúnach Ghleann an Bharda atá suite ar bhruach Abhainn an Bharda ó dheas ó bhaile Shoird. Clúdaíonn sé achar de 89 heicteár (220 acra) idir lár bhaile Shoird agus Droichead Chnoc Siáin.

Mar chuid den pháirc seo, tá láithreacha amhairc, suímh phicnice agus páirceanna spóirt, Páirc Bhaile Shoird ina bhfuil clós súgartha agus cúirteanna leadóige agus tá Caisleán Shoird ann chomh maith.

Is furasta teacht uirthi le busanna 33, 41, 41b & 41c ó Shráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath go Príomhshráid Shoird.  Comharthaí ó lár Shoird. Féach ar Bus Átha Cliath le haghaidh amchláir agus nuashonruithe seirbhíse.