alert-icon Created with Sketch.

Covid-19

Seirbhísí Corporáideach

27 Mar 2020

Comhairle Contae Fhine Gall agus COVID-19: Cabhraigh linn cabhrú libh

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh a chinntiú go bhfuil gach duine sa Chontae sláintiúil agus folláin.

Caithfidh sibhse cabhrú linn, chun é seo a chinntiú.

Táimid ag iarraidh ar chónaitheoirí glaoch a chur ar ár nAonad Cúraim Custaiméirí ar 01 8905000 ROIMH chuairt a thabhairt ar ár n-oifigí poiblí.

 

Táimid ag iarraidh a chinntiú nach dtugann aon duine cuairt orainn i láthair na huaire mura bhfuil géarghá leis mar gur féidir linn go leor dár gcuid oibre a chur i gcrích ar an teileafón, trí ríomhphostar líne.

 

Is féidir páipéarachas a sheoladh trí ríomhphost. Tá seoltaí ríomhphoist le fáil ar ár suíomh gréasáin ag www.fingal.ie

 

Is féidir foirmeacha a leagan isteach sa bhosca speisialta atá i Halla an Chontae, i Sord agus san Oifig Chathartha, i mBaile Bhlainséir.

 

I láthair na huaire, tá áiteanna súgartha, músaeim, leabharlanna agus áiseanna cartlainne dúnta.

 

Is mór againn bhur gcomhoibriú i rith an ama seo.  

 

Seirbhísí teileafóin:

Tá roinnt seirbhísí á gcur ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall ar féidir déileáil leo ar an teileafón.

 

Chun íocaíocht a dhéanamh ar an teileafón:  fíneálacha páirceálacíosanna tithíochta, íocaíochtaí morgáiste.  Teil. 890 5309 agus 890 5154

 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nAonad Cúraim Custaiméirí trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

 

Tá eolas faoi nithe eile le fáil ag www.fingal.ie

 

Eolas faoi Chúrsaí Sláinte:

Lena chinntiú go bhfuil an t-eolas is déanaí agus is beaichte faoin gCoróinvíreas agat, féach ar shuíomh gréasáin FSS  

https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus

 

Bí sábháilte!

Oidhreacht agus Caomhnú

Eolas agus Comhairle Sheandálaíochta

Oidhreacht agus Caomhnú

Is féidir le comhairlí faisnéis agus comhairle a sholáthar don phobal faoin tionchar seandálaíochta atá ag an bhforbairt. 

Tá seandálaíocht faoi dhaoine san am atá caite, agus baineann an pobal faoi dhaoine sa lá atá inniu ann. Baineann seandálaíocht an Chomhphobail le daoine a nascadh lena n-am atá thart ar bhealach uathúil agus comhoibríoch.

Faigh tuilleadh eolais anseo

Aimsigh láithreáin seandálaíochta in aice leat, anseo

For information on Swords Castle Conservation Plan, click here

All Rights Reserved © Fingal County Council