Aimsigh láithreáin seandálaíochta in aice leat

Tá beagnach 900 séadchomhartha seandálaíochta i bhFine Gall a bhfuil eolas orthu. Ina measc tá séipéil, caisleáin, liosanna, muilte gaoithe, muilte uisce agus toibreacha beannaithe. Ach ní féidir breis agus an ceathrú cuid de shéadchomharthaí Fhine Gall a fheiceáil níos mó. Is gnéithe faoin dromchla iad na séadchomharthaí sin. Aithníodh iad trí ghrianghrafadóireacht ón aer, trí léarscáiliú stairiúil agus trí shuirbhé geoifisiceach. Mar sin, conas is féidir leat a fháil amach má tá aon séadchomharthaí seandálaíochta in aice leat?

Bunachar Sonraí Shuirbhé Seandálaíochta na hÉireann
Tiomsaítear fardal i Suirbhé Seandálaíochta na hÉireann de na séadchomharthaí seandálaíochta a bhfuil eolas orthu ar a dtugtar Taifead na Suíomhanna agus na Séadchomharthaí. Is féidir teacht air go digiteach ar  www.webgis.archaeology.ie . Is féidir leat zúmáil isteach ar do cheantar agus taispeánfar aon láithreán seandálaíochta a bhfuil eolas air mar aon le nóta faoina láthair bheacht, a rangú agus cur síos gairid; is féidir é sin uile a íoslódáil ar chomhad PDF. 

Rinneadh na céadta imscrúdú seandálaíochta i bhFine Gall le deich mbliana anuas, lena n-áirítear tochailtí tástála seandálaíochta, tochailtí agus monatóireacht na n-oibreacha laistigh de limistéir acmhainneacht seandálaíochta. Is féidir teacht ar achoimrí ar thorthaí na n-imscrúduithe sin idir 1970 agus 2010 ar  www.excavations.ie

Déan Teagmháil Linn

Rannóg Pleanála Fhine Gall

Ríomhphost:   [email protected]  
Fón:  (01) 8905541 (Sord)
         (01) 8708431 (Baile Bhlainséir)

An tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta

Ríomhphost:   [email protected]  
Fón: (01) 8882000

Ard-Mhúsaem na hÉireann

Fón: (01) 6777444
Ríomhphost:  [email protected]