Comórtas Inbhuanaitheachta do Chlubanna Spóirt 2020

rugby ball

Tá Comórtas Comhshaoil Spóirt seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall:

 

Tá an comórtaa seo dúnta anois agus fógrófar na buaiteoirí go luath i mí Bealtaine 2020.

Ba é an dáta deiridh chun foirm chomhlánaithe a chur isteach Dé hAoine 17 Aibrean ag 4.30pm.

Má tá ceisteanna agat nó cúnamh uait seol ríomhphost chuig  [email protected]

 

 

Aiseolas maidir le Rath Thionscadal CLG 2019

 

Reáchtáil Comhairle Contae Fhine Gall comórtas in 2019 le haghaidh Clubanna CLG Fhine Gall inar bhuaigh sé chlub €2,500 agus thug siad bearta inbhuanaithe isteach ina gcuid clubanna – rudaí cosúil le hiarrachtaí chun deireadh a chur le buidéil phlaisteacha aonúsáide agus siopaí babhtála le haghaidh trealamh traenála, buataisí, clogaid shábháilteachta etc. Shábháil go leor de na clubanna airgead ar bhillí fuinnimh agus uisce trí shoilse LED a fheistiú agus braiteoirí a chur isteach in úirinéil, an brú uisce a ísliú i sconnaí i seomraí na gclubanna (níor cheart go mbeadh na brú-sconnaí ar siúl ach ar feadh thart ar 3 soicind ó cheart). B’fhiú go mór na rudaí seo a dhéanamh. Tá níos mó ná 500 ball agus suas le 3000 ball i gcuid mhaith de na clubanna, mar sin beidh go leor daoine ag faire an chomórtais seo. Socraíodh i mbliana díriú ar chlubanna sacair agus rugbaí i limistéar Fhine Gall.

 

Seo iad na leideanna a d’oibrigh go maith toisc nach rud é a oireann do gach duine/club. Beidh a gcuid réitigh féin ag gach club ag brath ar a leagan amach féin.

  1. Chuir go leor de na clubanna tús leis na tionscnamh le seoladh oifigiúil rud a chabhraíonn chun poiblíocht a thabhairt don iompar inmhianaithe agus chun an scéal a scaipeadh i measc an phobail.
  2. Chuir roinnt clubanna cosc amach is amach ar na plaistigh aonúsáide. Chonaic siad laghdú láithreach ar phlaistigh aonúsáide. Tá tuismitheoirí ag úsáid na mbuidéal is féidir a úsáid arís ag scoileanna etc.
  3. Cheannaigh roinnt clubanna buidéil phlaisteacha (brandáilte), mhiotail nó bambú agus ansin chuir siad cosc ar na buidéil phlaisteach aonúsáide,
  4. Na clubanna a dhíolann caife agus tae, cheannaigh siad mugaí gloine is féidir a ní ar an láthair i seomraí an chlub,
  5. Cheannaigh roinnt eile cupáin is féidir a úsáid arís a bhí na baill in ann a cheannach agus a úsáid gach seachtain,
  6. Chuir roinnt clubanna pointe athlíonta uisce (le comharthaí) isteach.
  7. Tá bíocair is féidir a úsáid arís ag formhór na gclubanna freisin le haghaidh laethanta agus imeachtaí clubanna.
  8. Cheannaigh roinnt clubanna umar deas uisce.
  9. Chuir beáir na gclubanna cosc ar bhuidéil phlaisteacha aonúsáide le haghaidh deochanna boga agus úsáideann siad cannaí anois. Déantar athchúrsáil níos minice ar channaí agus is cuid den gheilleagar ciorclach iad dá bharr sin.
  10. Dá mbarr sin ar fad tháinig laghduithe suntasacha ar dhramhaíl agus ar bhruscar. Tá ag éirí le leanaí na gclubanna na buataisí, na geansaithe, camáin etc a thugtar ar ais a úsáid agus bíonn scéim babhtála ag go leor de na clubanna gach mí.
  11. Chuir roinnt clubanna soilsiú LED isteach freisin i seomraí na gclubanna agus laghdaíodh úsáid fuinnimh agus go deimhin na billí.
     

 

Tá an Tionscadal um Chosc Dramhaíola seo á mhaoiniú ag Comhairle Contae Fhine Gall agus ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.