Is cluiche cláir anois é Taisteal Gníomhach!
Is cluiche cláir anois é Taisteal Gníomhach! Fuair gach bunscoil i bhFine Gall pacáistí cluichí taistil ghníomhaigh le déanaí!
Chuaigh Fine Gall i bpáirt le Picker Pals chun acmhainní spraíúla spreagúla a chur ar fáil lena nasctar an taisteal gníomhach leis an ngníomhú comhshaoil.
Chuaigh Fine Gall i bpáirt le Picker Pals chun pacáiste nua dathannach a chruthú do sheomraí ranga – ina bhfuil Ludo, Nathracha is Dréimirí, agus cluiche póstaer dorchla A1 ollmhór, a bhfuil baint ag gach ceann díobh le Taisteal Gníomhach.
Tá na cluichí sin deartha chun sceitimíní a chur ar leanaí faoi thaisteal de shiúl na gcos, de rothaí, de scútar, de scátaí agus de rothar, agus teachtaireachtaí tábhachtacha taistil agus comhshaoil á dtreisiú ag an am céanna trí fhoghlaim spraíúil shúgradhbhunaithe.
🧩 Cad atá sa phacáiste?
- Dóthain cláir chluiche agus tacair cártaí chun go mbeadh rang iomlán (suas le 32 dhalta) in ann imirt le chéile
- Tiontaigh na cláir chun an dara cluiche ar chúl a nochtadh
- Cártaí agus carachtair atá tarraingteach agus a bhfuil teachtaireachtaí Taistil Ghníomhaigh ionsuite iontu
- Treoracha le haghaidh athruithe speisialta – is breá leis na leanaí iad!
- Cluiche póstaer A1 do dhorchla do scoile
- Bileoga Taistil Ghníomhaigh le tabhairt abhaile do theaghlaigh
🎉 Rinneamar iad sin a thriail i scoil i bhFine Gall agus bhí an-tóir orthu i measc na ndaltaí agus na mball foirne araon.
Comhroinn do ghrianghraif agus d’aiseolas trí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #fingalcountycouncil#activetravel agus #pickerpals.