Tuairiscigh Stoc-charnadh Tine Chnámh
Caithfidh Comhairle Contae Fhine Gall thart ar €150,000 ar ghlanadh agus deisiú damáiste a dhéanann tinte cnámh mídhleathacha. Roimh Oíche Shamhna, déanfaidh ár bhfoirne oibríochtaí ruathair stoc-charnadh agus bainfidh siad ábhar tine chnámh amhail pailléid, troscán, boinn srl.
Má fheiceann tú ábhar á bhailiú agus á stoc-charnadh agus má tá imní ort go bhféadfaí é a úsáid le haghaidh tine chnámh, déan teagmháil le Comhairle Contae Fhine Gall le do thoil.
Trí fhoireann Cúraim Chustaiméirí na comhairle ar 01 890 5000 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig:
Ops Bhaile Brigín/Shoird: [email protected]
Ops Mhullach Íde/Bhinn Éadair: [email protected]
Ops Chaisleán Cnucha/Mhullach Eadrad: [email protected]
I gcás éigeandála glaoigh i gcónaí ar 999 nó 112 don Bhriogáid Dóiteáin ar an bpointe.
