Tionscadal na nUirlisí

Instruments collage for website

In 2019, chuireamar tús le Tionscadal na nUirlisí trína ndéanaimid na huirlisí a dtugtar dúinn ag ár n-ionad athchúrsála a ghlanadh agus a chothabháil. Déanaimid iad a athdháileadh ansin ar eagraíochtaí dála Ionad Uathachais, Ionad Andúile agus Ionad Athshlánúcháin.  Tugtar gach uile shaghas uirlis dúinn - giotáir, ucailéilí, drumaí, veidhlíní, méarchláir, giotáir leictreacha, boscaí ceoil is araile. Táimid thar a bheith sásta a bheith in ann iad a thairiscint dóibhsean atá in ann tairbhe a bhaint as an tionscadal seo.

Táimid sásta aon rud cosúil le aimpeanna beaga cleachtaidh, cáblaí, aon chineál d’uirlis, nó gabhálais nó trealamh atá riachtanach d’uirlisí. Fág isteach iad inár n-ionaid athchúrsála ar Inbhear Shoird nó i gCúil Mhín, mura miste.

(Ní féidir linn glacadh le pianónna ach molaimid duit teagmháil a dhéanamh le d’earnálacha deonacha áitiúla agus aon phianó a thairiscint dóibh)

Is tionscadal coiscthe dramhaíola é seo a bhfuil gné shóisialta ag baint leis.

Sa ghearrthóg ag seo thíos, is féidir sinn a fheiceáil ag cur uirlisí ar fáil d’Ionad Athshlánúcháin Chúil Mhín, eachtra a ndearna RTÉ é a scannánú ar an 12 Samhain 2019.

Féach air anseo

Is féidir uirlisí a thabhairt isteach inár n-ionaid athchúrsála. Más rud é go bhfuil aon cheist agat, chuir isteach iad chuig an Oifigeach Feasachta Comhshaoil  [email protected]

 

 

Instruments project