Pleananna Measúnaithe Riosca i gcás Tuilte

Ar an 3 Bealtaine 2018, d’fhoilsigh an tAire Stáit le freagracht speisialta as Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Faoiseamh ar Thuilte, Kevin ‘Boxer’ Moran T.D., 29 Plean Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte chun déileáil leis an riosca a bhaineann le tuilte in Éirinn.

Áirítear i gClár CFRAM:

  • 29 Plean Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte chun an tír iomlán a chumhdach mar aon leis na bearta faoisimh ar thuilte atá beartaithe - ag cur costais, buntáistí agus fachtóirí comhshaoil san áireamh - chun déileáil leis an riosca i gcás tuilte i ngach pobal agus ar fud na tíre.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall cumhdaithe ag dhá phlean bainistíochta riosca i gcás tuilte

  • An Plean Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte don Life & Abhantrach Chuan Bhaile Átha Cliath (UOM09)

Áirítear i measc na gceantar eile sa phlean seo a bhfuil breis measúnaithe le déanamh orthu: Cluain Aodha, Páirc Belcamp, Baile Ghrífín, Cionn Sáile, Mullach Eadrad, Leamhcán go Séipéal Iosóid, Mullach Íde, Cill Fhionntain & Baile Dúill, Cill Fhionntain & Binn Éadair Thuaidh, Sord Theas agus Seantrabh

  • Plean Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte d’Abhantrach Nanny-na hAilbhine (UOM08)

Áirítear i measc na gceantar eile sa phlean seo a bhfuil breis measúnaithe le déanamh orthu: Domhnach Bat, Port Reachrann, Baile Brigín, Na Sceirí, Lusca, Baile Stafaird/Tuirbhe, An Seanbhaile, Sord agus An Ros.