Plean Aclaíochta Baile d’Aosaigh Scothaosta

Oibríonn Spórt Éireann agus ár líonra Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt le gairmithe a bhfuil iontaoibh astu agus oibrithe deonacha a bhfuil ardmheas orthu chun pobail ar fud na tíre a spreagadh deiseanna atá cuimsitheach agus inbhuanaithe agus a bhfuil tionchar acu a sholáthar chun cabhrú le daoine tabhairt faoi ghníomhaíocht fhisiciúil.

Plean Aclaíochta Baile d’Aosaigh Scothaosta

Is tionscnamh aclaíochta baile ceithre seachtaine é seo do gach Aosach Scothaosta, beag beann ar chumas. Thar thréimhse ceithre seachtaine, is é an aidhm féachaint le gníomhaíocht fhisiciúil a dhéanamh ar feadh 30 nóiméad sa lá ar a laghad, faoi mar a mholtar i bPlean Náisiúnta na hÉireann um Ghníomhaíocht Fhisiciúil. Déan iarracht bheith gníomhach ar feadh 30 nóiméad as a chéile nó tabhair faoi thrí bhabhta atá 10 nóiméad ar fad. Ba dheasmaoineamh é na cleachtaí sa leabhrán seo a chomhcheangal le gníomhaíocht aeróbach eile amhail siúl, rothaíocht nó garraíodóireacht.

íoslódáil an plean anseo: Plean Aclaíochta Baile d’Aosaigh Scothaosta

 

older adults