Páirceáil agus Siúl
Páirceáil agus Siúl
🌟 Páirceáil agus Siúl: Rogha phraiticiúil do theaghlaigh le haghaidh dul ar scoil
Nach féidir leat an turas ar fad chun na scoile a dhéanamh de shiúl na gcos nó de rothar?
🌟 Le Páirceáil agus Siúl, cumasaítear do theaghlaigh cuid den turas a dhéanamh de charr, agus an chuid eile a dhéanamh de shiúl na gcos
Is féidir le scoileanna tionscnamh Páirceála agus Siúil a chur chun feidhme ina scoileanna. Go ginearálta, níl le déanamh agat ach iarraidh ar theaghlaigh a chónaíonn rófhada ar shiúl páirceáil turas 10–15 nóiméad de shiúl na gcos ón scoil.
Féach an Treoir ó Green-Schools maidir le conas Páirceáil agus Siúl a chur chun feidhme i do scoil.
“Ní chuireann Páirceáil agus Siúl ach 15 nóiméad le mo mhaidin, ach fágann sé go mbíonn mo leanbh níos múscailte agus go mbíonn i bhfad níos mó comhrá againn ná mar a bheadh amhlaidh dá bhfanfaimis sa charr”. Aiseolas ó thuismitheoir i bhFine Gall
An fáth a n-oibríonn sé go maith – do scoileanna, do leanaí agus do theaghlaigh:
🌟 Cabhraíonn sé le leanaí dúiseacht, bogadh agus a mhothú go bhfuil siad réidh le foghlaim
🌟 Cruthaíonn sé bealaí isteach scoile atá níos sábháilte agus níos neamhphlódaithe
🌟 Forbraíonn sé neamhspleáchas, muinín agus scileanna sábháilteachta ar bhóithre
🌟 Tairgeann sé am fiúntach do theaghlaigh sula dtosaíonn an lá scoile
Scéalta Ratha Páirceála agus Siúil:
- I bhFine Gall, tá fíorfheabhsuithe ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar cháilíocht an aeir feicthe ag scoileanna amhail St. Oliver Plunkett’s JNS agus St. Andrew’s NS (Mullach Íde).
- I gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, tháinig méadú ar ghníomhaíocht fhisiciúil agus tháinig laghdú ar phlódú tráchta mar thoradh ar scéimeanna Páirceála agus Siúil.
📘 Ar mhaith leat Páirceáil agus Siúl a chur chun feidhme i do scoil?
Féach Green-Schools An Taisce le haghaidh céimeanna simplí chun tosú.
An bhfuil Tacaíocht uait?
Táimid anseo chun cabhrú leat!
📩 Déan teagmháil linn ag [email protected] chun cabhair a fháil maidir le pleanáil, le hacmhainní, nó le Páirceáil agus Siúl, Aoine Aeir Úir, nó Bus Siúil a chur ar bun.