An Rothaíocht a Fhoghlaim

An Rothaíocht a Fhoghlaim agus faoi Mhíchumas

Reáchtáil Oifigigh Siúil agus Rothaíochta Fhine Gall roinnt cúrsaí ‘An Rothaíocht a Fhoghlaim agus faoi Mhíchumas’ in suíomhanna ar fud Fhine Gall le linn na bliana 2022.

Tá an-éileamh ar áiteanna ar na cúrsaí agus tá an fhoireann Taisteal Gníomhach ag obair go dian chun go leor cúrsaí eile a thairiscint sa bhliain 2023. Bainfidh leanaí faoi mhíchumas sult as an rothaíocht a fhoghlaim i dtimpeallacht shábháilte agus spraíúil an ranga. Beidh rothair agus feithiclí rothaíochta oiriúnaithe ar fáil lena n-úsáid sna ranganna.

Cuirtear na háiteanna ar an gcúrsa ar fáil ar bhonn an chéad duine a thagann isteach.

Déan faire ar chainéil na meán sóisialta againne agus ar ár suíomh Gréasáin chun an fhaisnéis maidir le cur in áirithe atá ag teacht go luath.

Cúrsa Rothaíochta 6 Sheachtain d'Aosaigh

Tá na cúrsaí á reáchtáil ag Ionad Rothaíochta na hÉireann, agus tá siad dírithe orthu siúd atá ar mhian leo cur lena gcuid muinín sa rothaíocht, nó atá ag súil le dul ar ais sa diallait tar éis sos a ghlacadh ón rothaíocht. Sí aidhm an chúrsa ná cabhrú le cuspóírí na rothaíochta maidir leis an Taisteal Gníomhach agus le críocha na sláinte a dhéanamh níos indéanta.

Dáta agus Am an Chúrsa

Ag Tosú: Tosaíonn an cúrsa Dé Máirt an 21 Feabhra, agus beidh sé ar siúl gach Máirt ar feadh 6 sheachtain.

Suíomh: Ráschúrsa Baile Dúill

Amanna: Ta dhá ionad ar fáil i sceideal an lae: 6-7.15in agus 7.30-8 .45in. Tá an t-eolas le fáil ag  https://forms.office.com/e/r92qUcAYMT

Is féidir clárú/tuilleadh faisnéise a fháil ag https://forms.office.com/e/r92qUcAYMT

 

Group of adults standing with bikes backs faced to camera