“Memory Makers - Reflections and Recollections”, Eagrán Speisialta Cocúnóirí seolta

William G Roberts, Sheila Lawless,Teresa McKeow,Maria Mañueco-Ramos, Peter Owens.

Sheol Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall “Memory Makers - Reflections and Recollections” Eagrán Speisialta Cocúnóirí 2020, ina bhfuil dánta inspioráideacha agus gearrscéalta ó dhaoine atá ag cocúnú ar fud an Chontae.  

Déanann an foilseachán atá deartha go hálainn ceiliúradh ar ghuthanna cocúnóirí, ag machnamh ar agus ag meabhrú cuimhní cinn, imeachtaí reatha nó roimhe seo nó obair saothar ficseanúil a spreag na hamanta gan fasach seo a bhfuilimid ag maireachtáil iontu.

I mí an Mhárta 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19 chuir an Rialtas comhairle ar go leor daoine scothaosta nó orthu siúd a rangaíodh mar dhaoine leochaileacha mar gheall ar dhrochshláinte cocúnú agus fanacht sa bhaile d’fhonn a mbaol ionfhabhtaithe a íoslaghdú agus cosc a chur ar scaipeadh breise an víris. Cuireadh Fóram Chomhairle Contae Fhine Gall ar bun mar fhreagairt ar iarratas an Rialtais cuidiú le baill ár bpobail atá i mbaol rochtain a fháil ar sheirbhísí riachtanacha.

 

Mar fhreagra ar seo, d’fhorbair Tionscadal Freagartha Pobail Fhine Gall COVID-19 “Cocúnú – Bailiúchán gníomhaíochtaí dóibh siúd atá ag féinleithleisiú” atá ina chomhshaothar idir Comhairle Contae Fhine Gall, Fine Gall Aoisbháúil, Ionad Pobail Chaisleán Cnúcha Lóiste an Labhrais, Ionad Pobail Bhaile an Bhlácaigh, Ionad Acmhainní na Coirre Duibhe, agus Ionad Pobail Bhaile an Huntaigh.

 

Gné amháin den bhfoilseachán seo ab ea an Comórtas Gearrscéalta agus Filíochta. Tugadh cuireadh do dhaoine atá ag cocúnú gearrscéal nó dán a chur isteach a mhúscail cuimhne ag am éigin nó imeacht speisialta a cheangail ar shlí éigin leis an méid atá ag tarlú in Éirinn anois.

 

MM-SS4 Pauline Mooney photo Nannie and Sarah

Bhí an freagra go hiontach agus fuarthas 39 iontráil i rannóg na filíochta agus 41 aighneacht sa chatagóir gearrscéalta. Tá fairsinge agus doimhneacht na hoibre scríofa fíoriontach.

Bhí cúram deacair ag beirt mholtóirí deonacha, Marie McCaffrey agus Domhnall Drislane trí dhámhachtaí a roghnú i ngach catagóir. Cheap an bheirt acu gur phribhléid mhór agus tairbheach an taithí a bheith acu na hiontrálacha go léir a léamh agus ba mhian leo go bhféadfaidis níos mó gradaim a bhronnadh agus ba mhaith leo tréaslú le gach duine a chuir isteach a gcuid oibre.

Tá áthas an domhain orainn na buaiteoirí a fhógairt:

Catagóir Filíochta:

  1. Tom Sullivan – “Come play here with me grandad”
  2. Peter Owens – “Cocooning in the lockdown”
  3. Rita Ennis – “Cocooning reflections”.

 

Catagóir Gearrscéalta:

  1. Pauline Mooney - “Hello sweetness”
  2. Tom Reilly – “The morning after”                
  3. Colleen Davey – “A Covid story”

 

Tom Sullivan

Dúirt Méara Fhine Gall an Comhairleoir David Healy: “Ba mhaith liom tréaslú le gach duine a ghlac páirt san fhoilseachán iontach seo a thaifeadann agus a dhoicimíonn buanna cruthaitheacha ár gcocúnóirí. Bhí 2020 éagsúil ar fad ó gach bliain eile, agus tá foilseacháin chomh tábachtach agus soláthraíonn sé bealach dóibh siúd a cuireadh srian ar a saol le linn na bliana ach taifeadann sé na hamanta gan fasach freisin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mbeirt mholtóir freisin a rinne breithniú cúramach ar na hiontrálacha go léir agus a raibh sé de chúram fíordheacair orthu na buaiteoirí a roghnú.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Bhí ról ollmhór ag Roinn Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag soláthar tacaíochtaí praiticiúla do dhaoine, go háirithe cocúnóirí le linn na tréimhse Covid-19, agus is sampla foirfe é an foilseachán seo de sin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a thóg an t-am chun a gcuid oibre a chruthú agus a roinnt san aguisín iontach seo den bhailiúchán “Memory Makers”, agus a bhreathnófar air sna blianta atá le teacht mar mheabhrúchán faoi na hamanta seo.”

Dúirt Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail Margaret Geraghty: “Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall na scéalta agus dánta seo a thaifeadadh agus a roinnt san eagrán speisialta seo de “Memory Makers Reflections and Recollections”. Chomh maith le guth a thabhairt do chocúnóirí inár bpobal chun a smaointí agus a dtaithí a roinnt, is taifead tábhachtach é d’am speisialta inár stair agus beidh meas air do na glúnta atá le teacht. Buíochas mór le gach duine a ghlac páirt agus a thóg an t-am chun a gcuid oibre a chruthú agus a roinnt linn.”

 

Foilsíodh an chéad eagrán dár mbailiúchán “Memory Makers Reflections and Recollections” i 2008. Bhí sé i gceist bailiúchán a chruthú de chuid den obair iontach a chruthaigh ár sinsir ó gach cearn den chontae. Bealach a bhí ann le cuimhneachán cuimhní cinn luachmhara a chruthú do sheanóirí a raibh baint acu lenár gcomórtas déantóirí cuimhne agus a dteaghlaigh.

 

De bharr treoirlínte agus srianta reatha an Rialtais ní féidir linn ceiliúradh a dhéanamh ar na húdair ag ócáid fhisiciúil. Beidh seoladh bog an fhoilseacháin seo ar siúl i gcomhthráth leis an Seachtain um Aosú Dearfach a bheidh ar siúl 28 Meán Fómhair-2 Deireadh Fómhair, atá eagraithe ag Age Action.

Is doiciméad tábhachtach stairiúil é an foilseachán seo agus beidh sé ar fáil go luath i Leabharlanna Fhine Gall agus sa Chartlann Náisiúnta. Tá cóip bhog den bhfoilseachán le fáil freisin ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall.  

Memory Makers front cover, Anthony MacNamee, Anne Lownes Lawler

Click here to watch "Hello Sweetness" by Pauline Mooney

Click here to watch "Come Play With Me Grandad" by Tom Sullivan

Click here to watch "Cocooning In The Lockdown" by Peter Owens