Conraitheoir ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall chun tús a chur le hobair ar thionscadal feabhais Bhóthar na Páirce, An Ros

park road rush improvement project

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil Total Highway Maintenance Ltd ceaptha le déanaí chun tabhairt faoi thionscadal feabhais Bhóthar na Páirce sa Ros.

Áirítear sa tionscadal Bóthar na Páirce theas a uasghrádú agus a leathnú ó Chlub CLG Naomh Maur go dtí Plásóga Chionn Iúir agus tá an tionscadal ar fad á mhaoiniú ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Áirítear i measc na n-oibreacha cosáin nua a thógáil, mar aon le háiseanna rothaíochta, draenáil uisce bréan & dromchla, príomhlíonra uisce, tírdhreachú, soilsiú poiblí, trasrian coisithe le comharthaí, cóireáil teorann agus seirbhísí teorann agus seirbhísí faoi thalamh.

Tá sé beartaithe go gcuirfear tús leis an tógáil ar an 20 Aibreán, agus tá sé beartaithe an suíomh a réiteach sna seachtainí roimhe sin. Tá clár oibre naoi mí luaite leis an tionscadal seo, ach tá athbhreithniú á dhéanamh air seo i bhfianaise na srianta éagsúla atá ag eascairt as paindéim Covid-19.

Tá an conraitheoir, Total Highway Maintenance, i mbun plean bainistíochta tráchta mionsonraithe a fhorbairt don tionscadal faoi láthair a chomhaontófar, nuair a bheidh sé ullmhaithe, le Comhairle Contae Fhine Gall agus a phléifear le scoileanna, gnóthaí, clubanna agus cónaitheoirí áitiúla.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an gComhairleoir Brian Dennehy, Cathaoirleach an Choiste um Beartais Straitéiseacha (CBS) Pleanála, Iompair agus Bonneagair Straitéisigh: “Mar chomhairleoir áitiúil cúis áthais dom go bhfuil an tionscadal seo ag leanúint ar aghaidh, tionscadal a rachaidh chun tairbhe chónaitheoirí, scoileanna agus ghnóthaí an Rois. Táim ag súil le tuilleadh plé a dhéanamh ar an bplean bainistíochta tráchta sula gcuirtear tús leis an tionscadal.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Matthew McAleese, Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagar Straitéiseach: “Is cloch mhíle thábhachtach don tionscadal é seo. Baineann tábhacht straitéiseach le Bóthar na Páirce do bhaile an Rois agus osclóidh na hoibreacha seo tailte taobh leis an mbaile agus éascóidh siad forbairt amach anseo. Táim ag súil le forbairt an bhonneagair seo a fheiceáil.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Innealtóir Sinsearach, Paul Carroll: “Beidh an tionscadal seo mar bhonn le feabhas suntasach ar shruth tráchta feadh Bhóthar na Páirce agus feabhas suntasach do choisithe agus do rothaithe go háirithe iad siúd atá ag taisteal chuig na scoileanna in aice láimhe agus chuig an gClub CLG.”