Pleanáil

Ceadúnas Troscán Sráide

Development Management

Teastaíonn Ceadúnas Troscán Sráide sula leagtar amach boird agus cathaoireacha lasmuigh d’aon áitreabh ina ndíoltar bia.

I gcomhréir le Rialacháin Alt 254 um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (Uimh. 2), 2021 (I.. Uimh. 210 de 2021), a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2021, ní mór ceadúnas a fháil le haghaidh gach bord agus gach cathaoir mar aon le sciatháin, clúdaigh, cheannbhrait, parasóil, scáthláin, gaothráin, téitheoirí nó aon struchtúir eile dá shamhail d'fhonn ithe amuigh faoin aer a éascú.

Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Troscán Sráide, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar chomhairliúchán ar an láthair thíos. Nuair a bheidh an comhairliúchán seo críochnaithe, ní mór duit Foirm Iarratais a líonadh agus a sheoladh chuig   %73tree%74furn%%36%39tu%72%[email protected] " rel="nofollow"> stree%74furn%69tur%[email protected]  .

Cliceáil anseo chun an Fhoirm Iarratais ar Cheadúnas Troscán Sráide a íoslódáil.

Comhairliúchán a chur in áirithe

Ní mór do ghnólachtaí a bhfuil sé ar intinn acu úsáid a bhaint as an Deontas Ithe Lasmuigh comhairliúchán a chur in áirithe lenár bhfoireann chun a gcuid pleananna a phlé. Cliceáil anseo le haghaidh comhairliúchán a chur in áirithe.

Déanfar measúnú ar leith ar gach iarratas faoi chritéir na sláinte poiblí, na sábháilteacht dóiteáin agus na cúrsaíochta poiblí agus cuirfear na téarmaí agus na coinníollacha lena mbaineann in iúl. Níl aon táille ar Cheadúnais Troscán Sráide faoi bhearta tacaíochta an COVID-19 do ghnólachtaí faoi láthair. 

Fodhlíthe Deochanna Meisciúla 2002