Uisce Éireann ag dul ar aghaidh le hoibreacha feabhsúcháin príomhlíonraí uisce chun an soláthar uisce do thithe agus do ghnóanna i mBaile Breacáin, Sord a chosaint.

Water mains

Tá Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall ag dul ar aghaidh le beagnach 1.5 ciliméadar de phríomhlíonra uisce nua a thógáil feadh bóthar Bhaile Breacáin d’fhonn an soláthar uisce do thithe agus do ghnóanna sa cheantar a chosaint. 

 

Tá na hoibreacha, atá á gcur ar fáil ag Fóntais GMC thar ceann Uisce Éireann ar bun cheana féin agus tá siad le bheith críochnaithe i lár mhí Dheireadh Fómhair. Tá na hoibreacha ar bun feadh Bóthar Bhaile Breacáin ó Acomhal Ascaill Chrónáin go dtí acomhal Bhóthar an Teampaill agus tá siad á gcur ar fáil faoi Chlár Náisiúnta Uisce Éireann um Laghdú Sceitheadh Uisce.

 

Beidh ceantair oibre teoranta go codanna gearra chun an tionchar ar chustaiméirí a íoslaghdú. Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm le linn na tréimhse seo. Coinneofar trácht áitiúil agus éigeandála i gcónaí.

 

D’fhéadfadh go mbeadh roinnt múchadh gearrthéarmach uisce i gceist leis na hoibreacha agus cinnteoidh foireann an tionscadail go dtabharfar fógra 48 uair an chloig ar a laghad do chustaiméirí sula ndéanfar aon mhúchadh uisce pleanáilte.   

 

Tuigimid gur féidir leis an gcineál seo oibre a bheith mífheiliúnach agus déanfaidh foirne oibre gach iarracht chun aon chur isteach a tharlaíonn mar thoradh ar na hoibreacha riachtanacha seo a íoslaghdú.

 

Is sampla amháin é an tionscadal seo den chaoi a bhfuil Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall chun sceitheanna a laghdú gach lá. Is féidir le sceitheanna a dheisiú a bheith casta le níos mó ná 63,000 ciliméadar de phíobán uisce in Éirinn. Cuidíonn ár gClár Náisiúnta um Laghdú Sceitheadh Uisce le soláthar uisce níos iontaofa a sholáthar do phobail na hÉireann, leibhéil arda sceite a laghdú agus cáilíocht uisce a fheabhsú.

 

Tá Uisce Éireann ag obair ag an am seo, lenár gcomhpháirtithe Údaráis Áitiúil, conraitheoirí agus daoine eile chun sláinte agus folláine na foirne agus an phobail a chosaint agus chun leanúnachas na seirbhísí criticiúla uisce óil agus fuíolluisce a chinntiú. Ba mhaith le hUisce Éireann a mheabhrú do dhaoine comhairle FSS COVID-19 a leanúint agus níochán láimhe rialta a chinntiú. 

 

Tá Uisce Éireann ag obair go réamhghníomhach lenár gcomhpháirtithe seachadta agus mar chuid de ghrúpa oibre ilghníomhaireachta lena chinntiú go ndéantar ár n-oibreacha tógála ar bhealach rialaithe agus sábháilte, de réir threoirlínte an Rialtais agus an FSS chun oibrithe, a dteaghlaigh agus an pobal níos leithne a chosaint.  

 

Is oth le hUisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall aon mhíchaoithiúlacht a chruthaítear. Tá ár líne chabhrach cúraim custaiméirí oscailte 24/7 ar 1850 278 278 agus is féidir le custaiméirí teagmháil a dhéanamh linn ar Twitter @IWCare le haon cheisteanna. Le haghaidh nuashonruithe téigh chuig https://www.water.ie/water-supply/supply-and-service-update/