Tús le Cur le Tógáil ar Thionscadal Feabhsúcháin Bhóthar Phort Reachrann chun Feabhas a Chur ar Shábháilteacht agus ar Inrochtaineacht

Portrane Rd leaflet

Cuirfear tús le príomhoibreacha ar Thionscadal Feabhsúcháin Bhóthar Phort Reachrann ar ball beag, rud arb ionann é agus infheistíocht ollmhór a bhfuil mar aidhm léi sábháilteacht coisithe a mhéadú, inrochtaineacht a fheabhsú agus caighdeán foriomlán an ghréasáin bóithre i limistéar Dhomhnach Bat a ardú. Dearadh an scéim chun bonneagar níos sábháilte agus níos cuimsithí a sholáthar don phobal áitiúil, agus béim ar leith á leagan ar leanaí scoile agus ar theaghlaigh a bhíonn ag taisteal chuig St. Patrick’s Boys’ National School agus chuig Scoil Phádraic Cailíní agus uathu araon.

Áirítear leis an tionscadal sraith uasghráduithe amhail cosáin níos leithne feadh an taoibh thuaidh de Bhóthar Phort Reachrann agus trasrianta nua coisithe chun tacú le gluaiseacht níos sábháilte agus níos éasca do gach úsáideoir. Cabhróidh bearta moillithe tráchta, lena n-áirítear acomhail a dhéanamh níos doichte agus tábla ardaithe a thabhairt isteach, le luas feithiclí a laghdú agus le feabhas a chur ar dhálaí do choisithe agus do rothaithe. Soláthrófar leataobh nua do bhusanna freisin, rud lena gcuirfear ar chumas busanna tarraingt glan ar shiúl ón bpríomh-charrbhealach, agus feabhas ag teacht ar shreabhadh tráchta dá bharr sin.

Tá an scéim ina cuid de thiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall do thaisteal gníomhach agus do shráideanna níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a sholáthar. Leis an scéim, éascófar turais scoile níos sábháilte, spreagfar an siúl agus an rothaíocht, agus cuirfear feabhas ar an timpeallacht fhoriomlán do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon.

Ag fáiltiú dó roimh an tionscadal, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is infheistíocht thábhachtach í seo sa limistéar áitiúil, agus cuirfear feabhas mór ar shábháilteacht agus ar inrochtaineacht don phobal dá barr. Go háirithe, tacófar le turais níos sábháilte do leanaí scoile agus dá dteaghlach. An tráth céanna, spreagfar an siúl agus an rothaíocht agus cruthófar timpeallacht níos fabhraí do choisithe chun tairbhe do gach duine a úsáideann an bealach seo.”

Ceapadh Donnelly Civil Engineering Ltd chun na hoibreacha a dhéanamh. Tá sé beartaithe go gcuirfear tús leis na hoibreacha i mí Iúil agus meastar go dtógfaidh sé thart ar naoi mí chun iad a chur i gcrích. Déanfar dianiarracht an cur isteach a íoslaghdú i rith na tréimhse tógála, agus rochtain ar thithe agus ar ghnólachtaí á coinneáil ar bun nuair is féidir.

Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Bonneagair agus Iompair i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tá Tionscadal Feabhsúcháin Bhóthar Phort Reachrann ina léiriú ar dhíriú straitéiseach na Comhairle ar ghréasáin iompair níos sábháilte agus níos cuimsithí a sholáthar. Trí bhonneagar do choisithe a neartú agus trí mhoilliú spriocdhírithe tráchta a thabhairt isteach, tacóidh an scéim le haistriú i dtreo taisteal gníomhach, agus feabhas á chur ar nascacht do gach úsáideoir bóithre an tráth céanna.”

Gach coicís, déanfar an t-eolas is deireanaí ar dhul chun cinn na tógála, lena n-áireofar mionsonraí faoi shocruithe bainistíochta tráchta, a chur ar fáil ar leathanach Gréasáin an tionscadail, Tionscadal Feabhsúcháin Bhóthar Phort Reachrann | Comhairle Contae Fhine Gall, agus ar fud chainéil meán sóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall.