Tús curtha leis an obair ar 62 teach nua a thógáil sa Ros

Construction has begun on 62 new homes in Rush

Casadh an chéad fhód ar fhorbairt nua i bhFine Gall a cuirfidh ar fáil tithíocht inacmhainne agus shóisialta a bhfuil géarghá léi i gceann de na réigiúin is mó fáis in Éirinn.

Suite i mbaile cois cósta An Rois, beidh 62 teach i bhforbairt Bhaile Hae, le meascán d'áitribh 2 agus 3 sheomra leapa. I dteannta Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony ag an ócáid rí-shuntasach seo, bhí an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly agus Comhairleoirí na háite.

Cuirfidh iad siúd atá ag iarraidh deis ar a dteach féin a cheannach fáilte roimh an tithíocht nua atá lonnaithe ar shuíomh thart ar sé acra i méid. Nuair a bheidh siad críochnaithe, beidh 38 dteach trí sheomra leapa, 10 dteach dhá sheomra leapa, seacht n-árasán trí sheomra leapa agus seacht n-árasán dhá sheomra leapa ar fáil. Beidh 80% tithíocht inacmhainne agus 20% tithíocht shóisialta i gceist i bhforbairt tionachta mheasctha Bhaile Hae.

D'fhonn an éilimh ar an eangach chumhachta a laghdú, tógfar na tithe chun a chinntiú go gcomhlíontar ardchaighdeáin feidhmíochta an fuinnimh. Áireofar leis sin teicneolaíochtaí amhail caidéil teasa foinse talún a gcabhróidh le billí fuinnimh a laghdú. Bainfidh an fhorbairt an leas is fearr as a thimpeallacht nádúrtha trí chrios bruachánach a leagan síos thart ar shruthán, agus crainn le feiceáil ann mar spás poiblí álainn oscailte.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Tugann an deis ar thithíocht shóisialta agus inacmhainne a fháil tionchar suntasach a imirt ar shaol na ndaoine, agus sé sin an fáth go ngeallann Fine Gall leanúint ar aghaidh le tógáil na maoine chun cabhrú le freastal ar an éileamh seo atá ag síor-mhéadú. Agus a leithéid á dhéanamh againn, ba mhaith linn cabhrú le caighdeáin na maireachtála a fheabhsú, tacaíocht a thabhairt do phobail inbhuanaithe agus a chinntiú go gcuirfear tuilleadh tithe nua ar fáil ar fud an Chontae.”

A Computer Generated Image of the proposed housing development at Hayestown, Rush

Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien: “Bainim misneach as forbairtí spreagúla mar seo a fheiceáil i mbun oibre, le mórbhhuíochas Ciste na Tithíochta Inacmhainne. Táim ag tnúth le faire géar ar an suíomh agus ar na chéad chónaitheoirí ag dul isteach ina gcuid tithe nua an bhliain seo chugainn.”

Tá maoiniú rialtais thart ar €3.9m curtha ar fáil don fhorbairt faoin gCiste Tithíochta Inacmhainne (CTI), a ligfidh le 52 theach inacmhainne a thógáil mar chuid den tionscadal. Is fóirdheontas é an CTI atá ar fáil d’údaráis áitiúla ar nós Chomhairle Contae Fhine Gall chun cabhrú le costais forbairt na tithíochta. Cuireann sé ar chumas na n-údarás áitiúil tithe inacmhainne a chur ar fáil le ceannach nó le ligean ar cíos ag praghsanna agus ag cíosanna faoi bhun rátaí an mhargaidh.

Dúirt Robert Burns, Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is bunéileamh daonna é áit cónaithe agus tá a fhios againn gur féidir leis an rochtain ar thithíocht atá sábháilte, slán agus inacmhainne dea-thionchar a imirt ar dhaoine ar leith, ar theaghlaigh agus ar phobail. Tugann forbairtí tionachta measctha mar seo deis doh cheannaitheoir céaduaire áit a fháil ar an dréimire na réadmhaoine ar bhealach níos costéifeachtaí, chomh maith le réadmhaoin chíosa atá seasamhach agus inacmhainne a chur ar fáil do theaghlaigh ar ioncam íseal.”

Fógrófar na tithe atá ar fáil san bhforbairt nua ar shuíomh Gréasáin na Comhairle sna míonna amach romhainn, agus ceaptar ag go mbeidh an tógáil críochnaithe i gcéad leath na bliana 2024.