Tús curtha leis na hoibreacha cumasaithe d'Ionad nua Cathartha agus an Chultúir i Sord

A view from Swords Castle of the site of the new Civic and Cultural Centre

Tháinig conraitheoirí isteach ar an suíomh an tseachtain seo chun tús a chur leis na hoibreacha cumasaithe d'Ionad nua Cathartha agus an Chultúir i Sord a chuirfidh leabharlann, amharclann, gailearaí agus spásanna ealaíon nua ar fáil don bhaile nuair a chríochnófar é.

Sna míonna amach romhainn, ullmhóidh na conraitheoirí an suíomh, arb iar-charrchlós Chomhairle Contae Fhine Gall é ag acomhal na Sráide Thuaidh agus Bóthar Bhaile na Mara, i gcomhair tosú obair  an phríomhchonraitheoir tógála ag tús na bliana seo chugainn.

Séard atá i gceist leis na hoibreacha atá ar siúl faoi láthair ná atreorú na a dhéanamh ar na seirbhísí faoi thalamh agus os cionn talún, an balla clár a thógáil timpeall ar an suíomh, scartáil sraith ceithre theach ag 20 Sráid Thuaidh, ráillí agus troscán sráide a bhaint den tsuíomh agus tochailt seandálaíochta maoirsithe a dhéanamh faoi réir cheadúnais ar an suíomh.

Tá an Chomhairle de réir an sceidil le haghaidh an príomhchonradh tógála a chur ar thairiscint i mí Mheán Fómhair seo chugainn agus tá iarratais le cur ar an liosta tairisceana á meas aici faoi láthair. Tá baill foirne na Comhairle ag obair freisin ar phleananna um bhainistíocht na tráchta d'fhonn an cur isteach le linn tréimhse dhá bhliain na tógála a íoslaghdú.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Is céim dhearfach eile den tionscadal í seo, agus sinne ag teacht níos gaire fós le háiseanna nua an phobail agus cathartha a bheith ar fáil dúinn i Sord.”

Dar le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá díriú daingean á dhéanamh againn ar an tionscadal seo a chríochnú toisc an oiread sin buntáistí atá ag baint leis do mhuintir Shoird. Is garsprioc tábhachtach an tionscadail é céim na n-oibreacha cumasaithe a bhaint amach agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an bhfoireann as a cuid oibre ar lig dúinn an cheim seo a aimsiú agus lenár gcomhairleoirí as an méid tacaíochta a thugadar don tionscadal.”

Limistéar ar mhéid 3.89 acra atá i gCeathrú Cultúrtha Shoird timpeall ar acomhal na Sráide Thuaidh, Bóthar Bhaile na Mara, Sráid an Droichid agus na Sráide Móire lena n-áirítear Caisleán Shoird, Halla an Chontae, Teach Cúirte Shoird agus an Leabharlann Carnegie. Is ceann den 16 thionscadal é atá mar chuid de Straitéis Shoird Inbhuanaithe na Comhairle, mionphlean atá dírithe ar athnuachan lár baile contae Fhine Gall 

Áireoidh foirgneamh an Ionad Chathartha agus an Chultúir, arna dhearadh ag na hailtirí mór le rá O’Donnell agus Tuomey, Leabharlann Contae nua 3,000m2, gailearaí ealaíne agus spás taispeántais, caifé, limistéar cathartha, stiúideonna agus seomraí cleachtaidh chomh maith le hAmharclann Bosca Dubh le háit do lucht féachana idir 165 agus 360 duine ag brath ar chineál na himeachta atá ar siúl.

Cuirfidh an leabharlann nua, a bheidh seacht n-uaire níos mó ná an ceann atá ann faoi láthair, raon iomlán seirbhísí na leabharlainne ar fáil don chéad uair do mhuintir Shoird. Chomh maith le stoc i bhfad níos mó na leabhar, áireofar sa leabharlann nua rannóg an Staidéir Áitiúil agus na Cartlainne chomh maith le Spás don Déantóir, spás staidéir, limistéir na léitheoireachta agus na n-imeachtaí agus seomraí cruinnithe.

Swords Cultural Centre Park View