Tús curtha ag an gComhairle leis an bpróiseas tairisceana d’oibreacha feabhais do Bhóthar na Páirce, An Ros, Co. Bhaile Átha Cliath

Tá tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall le próiseas tairisceana chun príomhchonraitheoir a cheapadh chun tabhairt faoi oibreacha feabhais ar Bhóthar na Páirce, An Ros. Áirítear sna hoibreacha an bóthar a leathnú ó dheas de Bhóthar na Páirce ó Chlub CLG Naomh Maurs chomh fada le forbairt chónaitheach Phlásóga Chionn Iúir.

Áireofar sna hoibreacha infreastruchtúir láithreáin cosáin, rotharbhealaí, draenáil uisce bréan & dromchla, tírdhreachú, soilsiú poiblí, trasrian coisithe faoi rialú soilse, seirbhísí cóireála teorann agus coimhdeacha atá beartaithe chun breis forbairtí tithíochta a éascú ar an talamh atá taobh leis.

Cuirfear an próiseas tairisceana i gcrích sna míonna amach romhainn agus táthar ag súil go n-ainmneofar tairgeoir rathúil ag tús 2020. Tá sé beartaithe go gcuirfear tús leis na príomhoibreacha tógála sa Chéad Ráithe de 2020 agus go mbeidh siad curtha i gcrích faoi dheireadh na bliana.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Matthew McAleese, Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagar Straitéiseach: ‘Táim fíorshásta go bhfuil an tionscadal seo á fhorbairt, mar go mbeidh buntáistí ollmhóra don cheantar mar thoradh air. Baineann tábhacht straitéiseach leis an tionscadal seo do bhaile an Rois mar go mbeidh talamh taobh leis á chur ar fáil do bhreis forbartha. Táim ag súil le forbairt na scéime seo agus leis an gcéim tógála, a thosófar go luath an bhliain seo chugainn tá súil agam.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Innealtóir Sinsearach, Paul Carroll: “Cé go mbeidh an sruth tráchta taobh le Bóthar na Páirce á fheabhsú mar thoradh ar an tionscadal, beidh sé mar bhonn freisin le feabhas suntasach do choisithe agus do rothaithe. Ceann de na buntáistí iomadúla a bhaineann leis an scéim seo is ea go n-éascóidh sé breis forbartha tithíochta agus scoile sa cheantar.”

Más spéis leat tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig [email protected] " rel="nofollow"> [email protected]