Tús curtha ag an gComhairle le hoibreacha cosanta cósta éigeandála i bPort Reachrann

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ar tí tús a chur le hoibreacha éigeandála i bport Reachrann. Athlonnófar na ballaí mara Seabees ag trá an Choinicéir agus táthar tar éis oibreacha armúr carraige a chríochnú le déanaí i mBóthar na Cé.

Tá gá leis na hoibreacha toisc gur baineadh agus gur athlonnaíodh na Seabees le déanaí.

Le linn 2018 agus 2019 agus mar bheart eatramhach, suiteáladh 1km d’aonaid choincréite Seabee go hoptamach in dhá chéim ar Thrá an Choinicéir. Dearadh na Seabee seo chun an creimeadh cósta a laghdú agus moill a chur air, agus suiteáladh iad thart ar 10km ó aghaidh an duimhche go dtí go gcuirfear réiteach indéanta, éifeachtach agus fadtéarmach i bhfeidhm.

Bogadh 70 seabee le déanaí gan údarú, rud a rinne damáiste don chóras duimhche ag Lána an Choinicéir agus tá sé i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall iad a athlonnú. Ina theannta sin, tá athbhreithniú déanta ag sain-innealtóirí na Comhairle ar shonraí suirbhé reatha agus rinneadh measúnú maidir leis an suíomh optamach do na Seabee chun leanúint leis an iarracht an creimeadh cósta a laghdú agus moill a chur air. Ós rud é go bhfuil athrú ag teacht de réir a chéile ar ailíniú na ndumhcha, athlonnófar roinnt de na Seabee go dtí suíomh intíre chun an dearadh bunaidh a choimeád.

Cuirfear tús an tseachtain seo leis na hoibreacha feabhais thuasluaite agus mairfidh siad thart ar thrí seachtaine.

 

Nóta don Eagarthóir

Sa bhliain 2016, bhunaigh Comhairle Contaae Fhine Gall Grúpa Idirchaidrimh um Chósta Fhine Gall mar fhreagairt ar ar imní atá ann i gcónaí maidir leis an gCreimeadh Cósta agus Tuilte Cósta i bhFine Gall, agus chun freastal ar an ngá atá ann freagairt shoiléir struchtúrtha a chur ar fáil, agus an chumarsáid idir na páirtithe leasmhara a fheabhsú. Cuireann an Grúpa fóram ar fáil chun an cur chuige is fearr a phlé maidir le pleanáil agus déileáil le fadhb an Chreimidh agus Tuilte Cósta. Sa Ghrúpa tá Comhairleoirí Contae, Oifigigh on gComhairle agus baill den phobal as gach ceann de na ceantair i bhFine Gall atá buailte, is é sin le rá An Ros (an Trá Thuaidh agus an Trá Theas), Port Reachrann agus Cill Fhionntain.

Is fadhb iad na tuilte agus an creimeadh cósta feadh Inbhear Bhaile Roiséir. Is  ceantar é Inbhear Bhaile Roiséir atá leochaileach ó thaobh an chomhshaoil de agus tá sé ina Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta. Tá sé deacair teacht ar réiteach chun dul i ngleic leis an gcreimeadh agus an tuile chósta ann. Tá an córas cósta thart ar Inbhear Bhaile Roiséir casta toisc go bhfuil difear mór idir lán mara agus lag trá agus an damáiste a dhéanann na tonnta a thagann isteach ag uilinneacha éagsúla. Tá méadú suntasach tagtha air an mbagairt seo le blianta beaga anuas de bharr líon mór na ndrochstoirmeacha a tharla ag an am céanna is a bhí leibhéil usice lán mara ann os cionn ceithre mhéadar.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair in éineacht le gníomhaireachtaí stát ábhartha, lena n-áirítear Oifig na nOibreacha Poiblí agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra chun scrúdú a dhéanamh ar na roghanna atá ann chun dul i ngleic le fadhb casta an chreimeidh agus na dtuilte cósta i bPort Reachrann agus Sa Ros.

Tá plean ullmhaithe ag sain-innealtóirí a leagann amach na roghanna atá ann chun déileáil leis an mBainistíocht Riosca i gCás Tuilte Cósta in Inbhear Bhaile Roiséir mar fhreagairt ar an imní atá ann de bharr an chreimidh agus na dtuilte cósta ar Leithinis an Choinicéir, i bPort Reachtann agus i roinnt de na ceantair chósta gar don Ros.

Le déanaí bhunaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD, an Grúpa Stiúrtha Náisiúnta um an Straitéis Athraithe Cósta a Bhainistiú. Tá sé de dhualgas ar an nGrúpa straitéis chomhtháite ar an athrú cósta a fhorbairt, a bhaineann leis an Rialtas go léir, agus tá sé le tuairisc a thabhairt don Rialtas laistigh de sé mhí óna bhunú le torthaí tosaigh agus le moltaí.

Tá Plean Bainistíochta Riosca um Tuilte agus Creimeadh Cósta Bhaile Roiséir le feiceáil anseo https://consult.fingal.ie/en/consultation/coastal-defence-proposals-portrane-rush.