Tugtar Deis Idirnáisiúnta do Ghnólachtaí Fhine Gall ag Seóthaispeántas Fiontraíochta Áitiúla

Leo Showcase

Tugadh an deis do ghnólachtaí ó Fhine Gall chun casadh le ceannaitheoirí fud fad na cruinne mar chuid den Seóthaispeántas Fiontraíochta Áitiúla ag Showcase 2020 i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (an RDS) i mBaile Átha Cliath. 

Rinne sé chuideachta uathúla taispeántas ag an Seóthaispeántas Fiontraíochta Áitiúla, cuid de Showcase 2020, inar fhreastail breis agus 2,700 ceannaitheoir ó mhiondíoltóirí ar fud na cruinne ar an imeacht ceithre lá i mBaile Átha Cliath agus súil acu díolacháin agus comhpháirtithe nua a bhaint amach dóibh féin don bhliain amach rompu.

Tá cúlra éagsúil ceardaí ag na cuideachtaí a rinne ionadaíocht d’Fhine Gall i mbliana: Cumhrán baile só é Jane Darcy a tháirgeann coinnle cumhra soighe agus idirleatóirí giolcaí; soláthraí iomlánaíoch olaí áilleachta nádúrtha agus eisintiúla é Berry Be Beauty; Foireann thiomanta de ghreanadóirí bronntanas pearsantaithe iad Wish List Gifts; Ealaíontóir cáiliúil gloine é Elke Westen; Déanann Little Paper Mill cártaí beannachta pearsantaithe; agus cruthaíonn Love the Mug mugaí cnámhphoircealláin mhín don fashionista baineann. 

D’oscail an Dr Órlaigh Quinn, Ard-Rúnaí na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Showcase 2020 go hoifigiúil ag an RDS, Baile Átha Cliath. Bhí seó na bliana seo ar an 44ú seó a cuireadh ar bun agus bhí sé ar siúl go dtí Dé Céadaoin, an 22 Eanáir, agus tá sé ar cheann de na haonaigh thrádála idirnáisiúnta is mó agus is tábhachtaí in Éirinn. Cuirtear Showcase i láthair thar ceann Chomhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann, agus tugann Fiontraíocht Éireann tacaíocht leis an seó trádála a chur chun cinn go hidirnáisiúnta agus na hOifigí Fiontair Áitiúil a chur chun cinn go náisiúnta.

 Dúirt an Dr Órlaigh Quinn, Ard-Rúnaí na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta: “Tá páirt lárnach ag an aonach den chéad scoth seo atá dírithe ar chruthaitheacht Éireannach chun earnáil dearaidh agus ceardaíochta nuálach na hÉireann, a chuireann go hollmhór lenár ngeilleagar agus leis an gcultúr, a chothú agus a fhorbairt agus cuireann sé fostaíocht inbhuanaithe ríthábhachtach ar fáil i ngach réigiún. Cuireann Showcase deis uathúil ar fáil do cheannaitheoirí trádála chun casadh leis na céadta cuideachta fhiontrach Éireannach, idir gnólachtaí nuathionscanta úrnua agus gnólachtaí teaghlaigh atá bunaithe leis na glúnta. Seo an áit ar féidir le taispeántóirí ar spéis leo a láithreacht mhargaidh go hidirnáisiúnta a éagsúlú nó a shíneadh ceangal a dhéanamh le ceannaitheoirí ó áiteanna timpeall an domhain agus orduithe a fháil, agus cuireann seo ar a gcumas chun athléimneacht a fhorbairt agus a lánchumas a bhaint amach chun dul i méid agus dul faoi bhorradh. Táim ag tnúth leis an teacht chun cinn a leanfaidh an earnáil dearaidh agus cheardaíochta earnáil a dhéanamh a thabhairt faoi deara trí na deiseanna spreagúla a chruthaíonn Showcase agus guím imeacht tairbheach ar gach duine a bheidh bainteach leis an imeacht i mbliana.”

 Roghnaigh an Oifig Fiontair Áitiúil i bhFine Gall cuideachtaí Fhine Gall chun páirt a ghlacadh i Seóthaispeántas Fiontraíochta Áitiúla na bliana seo ag Showcase 2020. Bhí siad ag oibriú go dlúth leo le roinnt míonna anuas lena chinntiú go bhfuil ar a gcumas gan stró chun an íomhá is fearr agus is féidir a chruthú ag an imeacht, teicníc dhíolachán, ábhair mhargaíochta agus táirgeadh an tseastáin ina measc. 

 Dúirt Oisín Geoghegan, Cathaoirleach an Ghréasáin 31 OFÁ agus Ceann Fiontraíochta i bhFine Gall“Gné spreagúil de Showcase i gcónaí a bhíonn sa Seóthaispeántas Fiontraíochta Áitiúla. Tallann cheardaíocht agus dhearadh na hÉireann atá ag teacht chun cinn a bhíonn sna cliaint a bhíonn ag an imeacht. Ní bheidh go leor de na taispeántóirí ag an imeacht ach ag tosú, beidh go leor díobh ag oibriú lena nOifig Fiontair Áitiúil agus iarracht á déanamh acu chun an tairbhe is mó a bhaint den deis a chruthaíonn an t-imeacht seo. Bhí taispeántóirí eile díobh anseo cheana agus is eol dóibh tairbhí an tSeóthaispeántais Fiontraíochta Áitiúla agus an deis a chruthaíonn se chun casadh le ceannaitheoirí ó Éirinn agus fud fad na cruinne. B’fhéidir go mbeidh an deis acu chun gnó a dhéanamh agus margaí a dhéanamh a athróidh an saol ó bhonn agus beidh cúpla lá spreagúil i ndán dár gcliaint, dá bharr.”

Dúirt Louise Allen, Feidhmeannach Bainistíochta, Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann: “Baineann ríthábhacht le Showcase le hacmhainneacht tráchtála earnáil dearaidh agus cheardaíochta na hÉireann. Cuireann sé deis ar fáil nach bhfuil sárú uirthi do chuideachtaí Éireannacha chun casadh le agus gnó a dhéanamh le ceannaitheoirí ó áiteanna ar fud na hÉireann agus timpeall an domhain. Glacann an t-imeacht bliantúil seo le ról ríthábhachtach, chomh maith, chun próifíl dhearadh agus cheardaíocht na hÉireann a ardú go hidirnáisiúnta agus tá tairiscint an tseó á forbairt againn go leanúnach fad a bhíonn eispéireas thar a bheith Éireannach á chur ar siúl againn.”

Bhain taispeántóirí Fiontraíochta Áitiúla Showcase gnóthú thar na bearta amach i mbliana a ghlac páirt i nDámhachtainí Showcase agus bhain seacht gcliantchuideachta den Oifig Fiontair Áitiúil dámhachtainí agus aitheantas amach trí chlár dámhachtainí Showcase.  Bhuaigh Badly Made Books ón Oifig Fiontair Áitiúil i gCathair Chorcaí a bhuaigh an dámhachtain sa chatagóir An Táirge is Fearr, ar an Iomlán, agus tugadh ardmholadh do 29 Bride Street ó Oifig Fiontair Áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath. 

Tugadh ardmholadh do Roy Humphreys i gcomhar le hOifig Fiontair Áitiúil Liatroma agus Saille Baskets ó Oifig Fiontair Áitiúil Chorcaí Thuaidh agus Thiar sa chatagóir An Táirge Baile is Fearr, ar an Iomlán.

Bhuaigh Oxmantown Skincare ó Oifig Fiontair Áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath an duais ab fhearr i ndámhachtainí Fiontraíochta Áitiúla Showcase agus tugadh ardmholadh do Monkey Cups ó Oifig Fiontair Áitiúil Phort Láirge agus Berina Kelly Skincare ó Oifig Fiontair Áitiúil na Gaillimhe. 

Chun teacht ar eolas breise ar Fhiontraíocht Áitiúil Showcase 2020 agus na tacaíochtaí ar fáil dóibh siúd a oibríonn san earnáil dearaidh agus cheardaíochta, caith súil ar: www.LocalEnterprise.ie agus chun teacht ar eolas breise ar Showcase 2020, caith súil ar: www.ShowcaseIreland.com