Tugtar cuireadh do Ghrúpaí Pobail Fhine Gall cur isteach ar Mhaoiniú Tacaíocht an Phobail

Cuirtear fáilte le hiarratais ó ghrúpaí an pobail agus ó ghrúpaí deonacha i bhFine Gall ar mhaoiniú faoi Ciste Tacaíocht Pobail na bliana 2022 agus sé an dáta deiridh le haghaidh iarratas a dhéanamh ná 5in ar Dé hAoine, an 10 Feabhra 2023.

LCDC header

Cuirtear fáilte le hiarratais ó ghrúpaí an pobail agus ó ghrúpaí deonacha i bhFine Gall ar mhaoiniú faoi Ciste Tacaíocht Pobail na bliana 2022. Ceapadh an scéim nua chun chabhrú le grúpaí lena gcuid costais fuinnimh nach meastar a bheith incháilithe faoi scéimeanna an Rialtais go dtí seo. Is féidir le grúpaí an maoiniú a úsáid freisin le haghaidh mionoibreacha uasghrádaithe a dhéanamh agus chun trealamh a cheannach chun tacú lena gcuid gníomhaíochtaí. Cuirfidh Ciste Tacaíocht an Phobail (CTP) deontais bheaga ar fáil do raon leathan agus éagsúil grúpaí áitiúla an phobail  i gceantair faoi mhíbhuntáiste, agus beidh an maoiniú ar fáil chun cabhrú le:

  • Costais Reatha, siad sin costais oibriúcháin agus reatha ar nós billí fóntais, costais chíosa/léasa agus billí árachais.
  • Caiteachas Caipitil amhail costas deisiúcháin agus feabhsúcháin ar áiseanna, ceannach trealamh TF, troscán, uirlisí, comharthaíocht, trealamh oiliúna srl.
  • Déanfar maoiniú ar leith a imfhálú chun tacaíocht a chur ar fáil do Sheideanna na mBan.

Tá an CTP á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus leithdháileadh €341,875 ar Fhine Gall le maoiniú a thabhairt do ghrúpaí ar fud an chontae. Chuir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Forbairt an Pobail agus Carthanas, Joe O’Brien TD tús náisiúnta leis an tionscnamh i mí Samhain na bliana 2022.

Tá an CTP á riar ag Coistí Forbartha na bPobal Áitiúil (CFPÁanna) i limistéar gach Údaráis Áitiúil. Is cuid den Chlár um Fheabhsú Pobail níos leithne é, a bhronn maoiniú ar breis agus 8,000 tionscadal i bpobail uirbeacha agus tuaithe ar fud na hÉireann ó cuireadh tús leis sa bhliain 2018.

Tá iarratais á lorg anois ó ghrúpaí an phobail agus ó ghrúpaí deonacha i bhFine Gall ar dheontais suas go dtí €10,000 le haghaidh Maoiniú Caipitil agus suas le €3,500 le haghaidh Maoiniú Reatha agus sé an dáta deiridh le haghaidh iarratas a dhéanamh ná 5in ar Dé hAoine, an 10 Feabhra 2023.

Agus fáiltie á chur aige roimh an Scéim CTP, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Is féidir úsáid a bhaint as an CTP mar thacaíocht thábhachtach do ghrúpaí an phobail i bhFine Gall chun cabhrú leo a gcuid áiseanna a fheabhsú agus a gcuid costais oibriúcháin a mhaoiniú ag am ina bhfuil a leithéid costas ag dul in airde. Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall an tacaíocht seo a thairiscint chun cabhrú le grúpaí an phobail agus le grúpaí deonacha feabhsúcháin a chur ar fáil ina gcuid ceantar áitiúil agus mholfainn do na grúpaí siúd iarratas a dhéanamh uirthi más oiriúnach dá gcuid riachtanas í.”

Ag labhairt di ar an bhfógra, dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá maoiniú suntasach ar fáil faoin CTP a chuireann le maoiniú eile atá ar fáil do ghrúpaí ó Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá ardmheas ag Comhairle Contae Fhine Gall ar obair earnáil an phobail agus na hearnála deonacha agus cuirfidh an CTP tacaíocht ríthábhachtach ar fáil chun cabhrú le grúpaí leis an sárobair atá á dhéanamh acu laistigh dár gcuid pobal. Mholfainn do ghrúpaí pobail an CSF a scrúdú agus leas a bhaint as an deis seo chun iarratas a dhéanamh ar an maoiniú má bhaineann sé lena gcuid gníomhaíochtaí.”

Tá tuilleadh eolais faoi Chiste Tacaíocht an Phobail na bliana 2022 agus faoi iarratas a dhéanamh air ar líne ag: 

https://submit.link/1nGScéim an Maoinithe Caipitil

https://submit.link/1ps  – Scéim an Maoinithe Reatha 

Ba cheart aon fiosrúchán maidir leis an gCiste Tacaíocht Pobal na bliana 2022 a dhéanamh ag [email protected]

 

Our rural future logo
Department of Rural and Community Development.png