Tugann Seoladh Dhíthocsainiú Digiteach BELIEVE Balbriggan spreagadh don Phobal Dul Isteach sa Ghluaiseacht ar son Nósanna Digiteacha Níos Sláintiúla

Rinneadh Díthocsainiú Digiteach BELIEVE Balbriggan, ar tionscnamh pobail corraitheach nua é, a sheoladh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2026, an 10 Feabhra i Leabharlann Bhaile Brigín. 

Believe Balbriggan Launch

BELIEVE Balbriggan  Belonging, Empowerment, Living, Involvement, Enterprise, Volunteering & Engagement

Rinneadh Díthocsainiú Digiteach BELIEVE Balbriggan, ar tionscnamh pobail corraitheach nua é, a sheoladh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2026, an 10 Feabhra i Leabharlann Bhaile Brigín.  Leis an tionscnamh, tugtar cuireadh don phobal ar fad céimeanna beaga beartaithe a thógáil i dtreo gnáthaimh dhigiteacha níos sláintiúla agus i dtreo ceangal níos láidre as líne.

Is í an Comh. Gráinne Maguire, Leas-Mhéara Fhine Gall, a d’oscail an ócáid. Tharraing sí aird ar an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht dhigiteach chothromaithe, agus í ag rá:
“Is gné bhuan den saol iad na meáin shóisialta anois, agus tá sé tábhachtach go mbeadh comhrá againn ar conas iad a úsáid go sábháilte agus go n-aithneoimis an tráth céanna an ról tábhachtach a imríonn siad maidir leis an bpobal a choinneáil ceangailte.”

Believe Balbriggan Dep Mayor Grainne Maguire.

Mar chuid den seoladh, ghlac na daoine a bhí i láthair páirt i bplé painéil dar teideal “Daoine, Áit agus Cuspóir: Comhrá Pobail ar Fholláine Dhigiteach”. Sa phlé sin, rinneadh iniúchadh ar chineálacha praiticiúla cur chuige i leith am scáileáin a bhainistiú, i leith athléimneacht ar líne agus i leith ceangal pobail, mar aon leis an tionchar a bhíonn ag nósanna digiteacha ar an ngnáthshaol laethúil. Leag na cainteoirí béim ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh, do dhaoine óga agus do dhaoine aonair úsáid shábháilte chúramach a bhaint as spásanna digiteacha.

Tugann Díthocsainiú Digiteach BELIEVE Balbriggan cuireadh anois do chónaitheoirí, do theaghlaigh, do scoileanna, do ghrúpaí áitiúla agus d’áiteanna oibre ar fud an bhaile páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht trí uair amháin an chloig a chur i leataobh chun gníomhaíocht fhisiciúil a dhéanamh, chun leabhar a léamh, chun rud éigin nua a fhoghlaim nó athcheangal lena dtimpeallacht, chun naisc phobail a neartú, agus chun obair dheonach a dhéanamh, fiú. 

Tá an tionscnamh ceannródaíoch seo faoi threoir ag Coiste Stiúrtha BELIEVE Balbriggan:

  • Aisha Alameen Betro, Treoraí Tionscadail, Tionscnamh Uath-Dhífhibrileoirí Seachtracha (AED) Aisha (Fochoiste de Chomhairle Pobail Bhaile Brigín)
  • Mary Osakwe, Ionadaí, Líonra Cumann Cónaitheoirí Bhaile Brigín
  • Janette Scott, Oifigeach Pobail, Comhairle Contae Fhine Gall
  • Anne Marie Brady, Comhairle Pobail Bhaile Brigín

Mar thoradh ar an Díthocsainiú Digiteach, táthar ag tnúth anois le Móraonach BELIEVE Balbriggan, a bheidh ar siúl in Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh an 11 Aibreán 2026. Ag an Móraonach, tabharfar le chéile seirbhísí áitiúla, eagraíochtaí pobail, geallsealbhóirí, gnólachtaí agus cónaitheoirí chun rannpháirtíocht, ceangal, cruthaitheacht agus todhchaí Bhaile Brigín a cheiliúradh, áit a mbeidh rud éigin do chách.

Tá tuilleadh faisnéise faoi Dhíthocsainiú Digiteach BELIEVE Balbriggan agus faoin Móraonach a bheidh ar siúl i mí Aibreáin ar fáil ag www.believebalbriggan.ie

Believe balbriggan QR code