Tugann Comhairle Contae Fhine Gall ómós d’Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá ag éirí as, Brian MacCraith

Thug Comhairle Contae Fhine Gall ómós d’Uachtarán Chathair Ollscoil Bhaile Átha Cliath, An tOllamh Brian MacCraith, atá tar éis éirí as a phost tar éis 10 mbliana.

DCU Brian MacCraith 2

Le linn deich mbliana iontacha d’fhás agus d’fhorbairt leanúnach don Ollscoil, arna stiúradh ag gach taobh ag ceannaireacht agus fís inspioráideach an Ollaimh MacCraith, cruthaíodh naisc láidre idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Fhine Gall.

Chomhoibrigh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Fhine Gall ar go leor tionscadal thar théarma an Uachtaráin MacCraith mar Uachtarán lena n-áirítear tionscnamh Nuachtlitir Aois-Chairdiúil ina raibh comhoibiriú idir mic léinn ilmheán agus Comhairle Aois-Chairdiúil Fhine Gall chun oiliúint dhigiteach a chur ar fáil do dhaoine scothaosta. I 2015, rinne an Chomhairle agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i dteannta le comhpháirtithe eile, óstáil ar Chruinniú Mullaigh Teicneolaíochta Domhanda ITLG Silicon Valley atá mar phríomhchruinniú de Cheannairí Teicneolaíochta Gael-Mheiriceánacha.

I 2018, ghlac an tUachtarán MacCraith le cuireadh ón gComhairle a bheith ina chathaoirleach ar Ghrúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín atá ag déanamh maoirseachta ar mhór-athbheochan socheacnamaíoch an bhaile trínar dtionscnamh Ár mBaile Brigín.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Meallann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an ollscoil is mó fáis in Éirinn, go leor mac léinn ó Fhine Gall agus mar sin tá buntáistí dearfacha ag an bhfás agus an fhorbairt a rinne  Brian MacCraith a mhaoirsiú le linn a thréimhse mar Uachtarán don chontae. Ba mhaith liom ómós a thabhairt don Ollamh MacCraith don sárjab atá déanta aige agus guím gach rath ar a chomharba, An tOllamh Daire Keogh sa ról.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Thar ceann Chomhairle Contae Fhine Gall ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Brian as a chuid tacaíochta do Chomhairle Contae Fhine Gall thar na blianta. Chothaigh sé caidreamh iontach comhoibritheach idir an Chomhairle agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhfuil meas mór air. Thug a cheannaireacht ar an dtionscnamh Ár mBaile Brigín muinín thar na bearta don bhaile is óige in Éirinn agus chabhraigh sé le hinfheistíocht ríthábhachtach a dhaingniú sa cheantar. Guím gach rath air sa chaibidil nua seo dá shaol agus tá súil agam go mbainfidh sé lántaitnemah as.”